Grúpaí treallchogaíochta faoin tuath a throid in aghaidh na Naitsithe mar chuid de Ghluaiseacht Frithbheartaíochta na Fraince sa Dara Cogadh Domhanda ab ea na Maquis (Fraincis: [maˈki]). Tugtar maquisards ar na saighdiúirí a ghlac páirt sa ghluaiseacht seo; ar dtús, fir óga, den lucht oibre den chuid is mó, a bhí ann. D'éalaigh siad isteach sna sléibhte agus sa choill chun coinscríobh a sheachaint faoin pholasaí Service du travail obligatoire (“Seirbhís Oibre Éigeantach”) de chuid Rialtas Vichy na Fraince. Chun gabháil agus díbirt go dtí an Ghearmáin a sheachaint, d'éirigh siad níos eagraithe ina ngrúpaí gníomhacha frithbheartaíochta.

Bosca Sonraí EagraíochtaMaquis
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósmaquis Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineáltrodaí frithbheartaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1940
Le cuid
Eile
Gradam a fuarthas

Téarmaíocht cuir in eagar

Ar dtús tháinig an focal maquis ón gcineál tír-raoin ina ndeachaigh na grúpaí armtha frithbheartaíochta i bhfolach: talamh ard in oirdheisceart na Fraince faoi scrobarnach ar a dtugtar maquis.[1]

Sa Chorsaic, úsáidtear an frása prendre le maquis (‘dul isteach sa choillte iargúil’) chun cur síos a dhéanamh ar dhaoine a fhágann an sráidbhaile chun cónaí sa díthreabh, ag fanacht leis an am ceart díoltas a bhaint amach, nó le linn do dhaoine eile a bheith sa tóir orthu.  Níl a fhios ag staraithe conas a tháinig an téarma ón Chorsaic go mórthír na Fraince, ach tugann siad faoi deara:

the Italian-derived word "maquis" is commonly used to describe woods and scrubland on the island, and evokes an all-encompassing image of woods and mountains, whereas the more limited word "garrigue" used in the south of France indicated [...] an inhospitable terrain, and the words "bois" ('wood'), "foret" ('forest') and "montagne" ('mountain') were too bland.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Maquis Definition & Meaning — Dictionary.com". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 Márta 2008. Dáta rochtana: 15 Iúil 2022.
  2. H.R. Kedward, "Refusal and Revolt, Spring 1943", in In Search of the Maquis: Rural Resistance in Southern France (New York: Oxford University Press, 1993), pg. 29.