Margaret Steuart Pollard
Scoláire na Sanscraite, file agus bard na Coirnise, ba ea Margaret Steuart Pollard, née Gladstone ( 1 Márta 1904 – 13 Samhain 1996 ). Ba í an duine a bhunaigh Ferguson's Gang, cumann rúnda de lucht tacaíochta an tIontaobhais Náisiúnta (National Trust), a raibh a gceanncheathrú ag "Shalford Mill" , Surrey.[1] Ba shin-gharneacht í don phríomh-aire Liobrálach William Gladstone.[2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Márta 1903 |
Bás | 13 Samhain 1996 93 bliana d'aois Truru, England |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Newnham, Cambridge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, file |
Ball de | Gorsedh Kernow (1938–) |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Athair | John Steuart Gladstone |
Ón bhliain 1920 ar aghaidh, d’fhreastail sí ar Newnham College, Cambridge, [3] áit arbh í an chéad bhean í a ghnóthaigh céad onóracha i dTeangacha Oirthearacha. Phós sí an Captaen Frank Pollard, saineolaí ar stair na Coirnise, agus bhí cónaí orthu i dTruru, Corn na Breataine. Faoi 1938, bhí sí ina bard, agus ina ball de Ghorsedd an Choirn. D’fhoilsigh sí Bewnans Alysaryn, dráma míorúilteach sa Choirnis, i 1941.[4] Thacaigh sí go mór le feachtais chun tírdhreach, teanga agus traidisiúin Chorn na Breataine agus thuaithe Shasana a chosaint. Ar ócáid amháin bhronn sí £100 ar an Iontaobhas Náisiúnta mar bhall den Ferguson's Gang, ag caitheamh masc iomlán chun a neamhainmníocht a chaomhnú.[2]
Sa bhliain 1947, d’fhoilsigh Paul Elek leabhar faoina contae dúchais, dar teideal Cornwall, a scríobh sí.[5] Cuireadh sí fúithi mar dhuine ''humorous, perceptive, and intelligent".[4] Sa bhliain 1951, d'iompaigh sí ar an Caitliceachas Rómhánach, agus i 1973 thóg sí séipéal Caitliceach Rómhánach a bhí tiomnaithe do Mhuire na Tairsí agus do Naomh Peran ar shuíomh séipéil meánaoiseach dTruru. Mar sin fuair sí Bonn Benemerenti ón bPápa.[2]
D’fhan sí ina file agus ina aistritheoir gníomhach ar feadh a saoil fhada. Thug sí cuid mhaith dá saibhreas ar shiúl le hoidhreacht tar éis bhás a fir chéile i 1968 agus bhí cónaí uirthi i dteachín one-up-one-down, a bhí ina sean-teachín mhianadóir stáin ag Quenchwell, Sen Ke, in aice le Truru.[6] D'fhan sí ina pearsa rómánsúil, cóirithe mar a bhí sí i sciorta fada agus scarf fillte timpeall a ceann. D’éag sí in aois a 93 ar an 13 Samhain 1996 i dTruru [4]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Bagnall (2012). "Ferguson- Exhibition Catalogue".
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Polly Bagnall & Sally Beck (2015). "Ferguson's Gang: The Remarkable Story of the National Trust Gangsters": 10. Pavilion Books. ISBN 978-1909881716.
- ↑ Limb (2014). "Breaking Bounds: Six Newnham Lives". Newnham College, Cambridge. ISBN 978-0993071508.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 Jenkin (7 December 1996). “Obituary: Margaret Pollard”. The Independent. Dáta rochtana: 15 October 2010.
- ↑ Pollard (1947). "Cornwall". London: Paul Elek.
- ↑ Pollard, Peggy (1947) Cornwall. London: Paul Elek, pp. 11-13