Margarita Balliana

scríbhneoir Iodálach

Scríbhneoir Iodálach ó Casale Monferrato in iarthuaisceart na hIodáile ba ea Margarita Balliana (fl. 1680).

Infotaula de personaMargarita Balliana
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis
Montferrato in iarthuaisceart na hIodáile.

Fáisceadh Balliana as réigiún a raibh cáil na litríochta riamh air. Fuair sí oideachas maith san fhealsúnacht agus sa stair, agus d'fhoilsigh a lán dánta i Laidin agus in Iodáilis. Fuair sí moladh ó scríbhneoirí eile ar nós Stefano Guazzo, an scríbhneoir ba shuntasaí de chuid Casale sa 17ú haois, agus Fulgenzio Alghisi, staraí Monferrato.

Phós sí Federico Prato, seanadóir de chuid Monferrato.[1]

Tagairtí cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar