Margarita Bobba

scríbhneoir Iodálach

File agus bean uasal ó Casale Monferrato i bPíodmant in oirthuaisceart na hIodáile ba ea Margarita Bobba (fl. 1560). Bhain sí le limistéar a raibh iomrá leis i gcúrsaí litríochta.

Infotaula de personaMargarita Bobba
Beathaisnéis
Floruit1560
Áit chónaitheCasale Monferrato
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Laidin agus an Iodáilis

Scríobh sí a lán saothar liteartha, cé go ndealraíonn sé gur go fánach a foilsíodh a cuid filíochta.[1] Scríobh sí i Laidin agus in Iodáilis, agus fuair sí moladh ó Stefano Guazzo, scríbhneoir nótálta de chuid na háite, agus ó Fulgenzio Alghisi, a scríobh stair Monferrato.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tommaso Vallauri, Storia della poesia in Piemonte, 2 imleabhar (Turin: Tipografia Chirio e Mina, 1841) I, lch 259.

Féach freisin cuir in eagar