Maria Ponomarenko

iriseoir Rúiseach

Iriseoir agus easaontóir Rúiseach is ea Maria Ponomarenko (a rugadh sna 1970idí).[1]

Infotaula de personaMaria Ponomarenko
Beathaisnéis
Breith5 Meán Fómhair 1978
46 bliana d'aois
Barnaul, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBarnaul
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, príosúnach polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirRusNews Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Rúisis
Maraíodh 300 duine ++ san amharclann in Mariupol

Gabhadh Ponomarenko i mí na Bealtaine 2022 mar gheall ar thuairisc ar na mbuamáil a rinne an Rúis ar amharclann in Mariupol, inar maraíodh 300-600 duine. Thug Amnesty International “coir chogaidh” ar an ionsaí a rinne eitleáin Rúiseacha.[2]

Ar 16 Feabhra 2023, ghearr cúirt in Barnoul sa Rúis téarma príosúin sé bliana ar Ponomarenko tar éis í a chiontú ‘i bhfoilsiú bréagfhaisnéise’. Cuireadh ina leith freisin gur thug sí 'cogadh' (focal nach gceadaítear a rá) ar ionradh na Rúise ar an Úcráin.

‘Ní cóir tírghrá a léiriú le coir,’ a dúirt Ponomarenko leis an gcúirt. Léirigh an cás an chinsireacht gan trócaire a cheileann an fhírinne faoi scéal na hÚcráine ar mhuintir na Rúise.[2]

Tá beirt pháistí óga ag Ponomarenko.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Russia: Journalist Maria Ponomarenko sentenced to six years in penal colony over Ukraine bombing post" (en). Amnesty International (2023-02-15). Dáta rochtana: 2023-02-19.
  2. 2.0 2.1 Cathal Mac Coille (18 Feabhra 2023). "Bliain de bhréaga, den chinedhíothú agus de mhórbhagairt na Rúise" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-18.