Banfhile Francach ab ea Marie de France, a mhair thart ar an dtréimhse idir 1160 agus 1210.[1] Is cosúil gur rugadh i dtuaisceart na Fraince í agus gur chaith sí cuid mhaith mhór dá saol i Sasana. Do scríobh sí neart saothar in anglo-normand, canúint na Sean-Fhraincise a labhraíodh na hAngla-Normannaigh.

Infotaula de personaMarie de France

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(fr) Marie De France
Beathaisnéis
Breith12 haois
An Bhriotáin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 haois
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht
Gairmfile, bean rialta, aistritheoir, scríbhneoir, fabhalscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1160 –  1215
GluaiseachtMedieval poetry (en) Aistrigh
TeangachaSean-Fhraincis
Saothar
Saothar suntasach

Musicbrainz: 5ae8191c-5c56-4cee-a935-02e8e245db6a Cuir in eagar ar Wikidata

Cosúil le go leor scríbhneoirí a linne, moladh Marie de France l'amour courtois, nó an 'grá cúirtéiseach', ina cuid scríbhneoireachta. Do bhain Marie de France an-úsáid as seanchas agus béaloideas na Breataine - nó an matière de Bretagne (Gaeilge: 'ábhar na Breataine'), mar a thugtar ar na scéalta sin i bhFraincis.

Do léití agus do dheintí aithris ar na fabhalscéalta de chuid Mharie de France, fabhalscéalta a bhunaigh sí ar scéalta Éasóp, ón 12ú haois go dtí an 17ú haois. Agus í ligthe i ndearmad, thosaigh scríbhneoirí agus saineolaithe na 19ú aoise spéis a chur sna lais agus sna scéalta véarsaíochta de chuid Mharie de France an athuair.

Is í Marie de France an chéad bhean riamh, a bhfuil aithne orainn uirthi, a scríobh dánta i bhFraincis.[2][3][4]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Matilda Bruckner, « Marie de France », in Medieval France: An Encyclopedia, Routledge, 1995, p. 589 - i mBéarla
  2. Journal des demoiselles, 1840, Paris - i bhFraincis
  3. Robert Sabatier, Histoire de la poésie française, volume 1 - Poésie du Moyen-Age, Albin Michel, 1975 p. 124 - i bhFraincis
  4. Mercure de France, 1819 p. 431 - i bhFraincis