Marina Ovsyannikova
Is léiritheoir teilifíse Rúiseach í Marina Ovsyannikova (Rúisis: Марина Овсянникова; née Tkachuk) a fostaíodh ar An Chéad Chainéal (Rúisis: Первый канал, Pervyy kanal) teilifíse sa Rúis.
Ainm sa teanga dhúchais | (ru) Марина Владимировна Овсянникова |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (ru) Марина Владимировна Ткачук 19 Meitheamh 1978 46 bliana d'aois Odesa, An Úcráin |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Russian Presidential Academy of National Economy and Public Administration (en) (2001–2005) Kuban State University of Physical Education, Sport and Tourism (en) (1997–) |
Áit chónaithe | an tSeisnia Moscó Nua |
Teanga dhúchais | an Rúisis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir, eagarthóir rannchuidithe, léiritheoir teilifíse, eagarthóir, léiritheoir scannáin |
Fostóir | Die Welt (2022–2022) Channel One Russia (en) (–2022) GTRK "Kuban" |
Teangacha | An Rúisis |
Ghlac sé/sí páirt i | |
24 Feabhra 2022 | anti-war protests in Russia (en) |
Croineolaíocht | |
14 Márta 2022 | agóid Cúis leis seo: ionradh na Rúise ar an Úcráin |
14 Márta 2022 | gabháil |
Luathshaol agus gairm bheatha
cuir in eagarTagann a tuismitheoirí ón Rúis agus ón Úcráin. Bhain Ovsyannikova céim amach ó Ollscoil Stáit Kuban agus Acadamh Uachtaránachta na Rúise um Gheilleagar Náisiúnta agus Riarachán Poiblí. D’oibrigh sí don Chuideachta Craolacháin Teilifíse agus Raidió Stáit na Rúise Uile. Sa bhliain 2002, thug sí agallamh ar shuíomh nuachta Yuga.ru.[1]
Agóid fhrithchogaidh
cuir in eagarAr an 14 Márta 2022, le linn craolta nuachta tráthnóna a bhain le hionradh na Rúise ar an Úcráin bhí sí le feiceáil taobh thiar den ancaire nuachta, Ekaterina Andreeva, ag iompar póstaer ag rá "Diúltaigh cogadh. Ná creid an bholscaireacht, tá siad ag insint bhréag chugat anseo, Rúisigh i gcoinne cogaidh". Cuireadh stop leis an gcraoladh, agus bhí Ovsyannikova faoi choinneáil ag na póilíní. Ní raibh an taifeadadh ar fáil le híoslódáil, rud atá neamhchoitianta don chainéal teilifíse seo.[2] Chuir sí físeán ar líne freisin ag rá go raibh "náire uirthi oibriú do bholscaireacht na Creimile." [3]
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- ‘They’re lying to you’: Russian TV employee interrupts news broadcast.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (ru). Юга.ру.
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en). The Guardian.
- ↑ Patrick Reevell, ABC News, 14 March 2022 ("I'm ashamed I allowed lies to be spoken from the TV screen. Now ten generations of our descendants won't wash off the disgrace of this fratricidal war. We're Russian people, thinking, intelligent. It's only in our power to stop this insanity,")