Mark Meadows
polaiteoir as Carolina Thuaidh
Is polaiteoir Meiriceánach é Mark Randall Meadows (rugadh 28 Iúil 1959). Is fearr aithne air as a sheirbhís mar an 29ú ceann foirne sa Teach Bán ó 2020 go 2021. Is ball den Pháirtí Poblachtach é, agus bhí sé ina ionadaí SAM ar an 11ú ceantar comhdhála de chuid Carolina Thuaidh ó 2013 go 2020 . Le linn a thréimhse in oifig, bhí Meadows ina chathaoirleach ar an gCácas Saoirse ó 2017 go 2019. Measadh go raibh sé ar cheann de na comhghuaillithe is gaire don Uachtarán Donald Trump sa Chomhdháil sular ceapadh é ina cheann foirne.