Martín de Tours

naomh Críostaí

Ba naomh é Mártain, MairtínMartín de Tours, agus uncail Naomh Pádraig, a deirtear.Rugadh é i 316336 i Savaria, Deoise an Phanóin agus fuair Mártain bás ar 8 Samhain 397 sa Ghaill.

Infotaula de personaMartín de Tours

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(fr) Martin de Tours
Beathaisnéis
Breith316
Szombathely Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Samhain 397
80/81 bliana d'aois
Candes-Saint-Martin Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaBasilica of St. Martin, Tours (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bishop of Tours (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Gníomhaíocht
Gairmsagart Caitliceach, saighdiúir, easpag Caitliceach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaImpireacht na Róimhe
Mac/iníon léinnSulpicius Severus
TeangachaAn Laidin
Ardú
Lá féile11 Samhain Cuir in eagar ar Wikidata
Martinszug agus Martinsfeuer sa Ghearmáin, 2016

Nósannna cuir in eagar

 
mórshiúl ón séipéal, Poznań, 2006

Ar an 11 Samhain, déantar ceiliúradh ar Naomh Mártain timpeall na hEorpa ar fad.[1]

  • Ar fud na Gearmáine, siúlann páistí óga trí na sráideanna le laindéir ildaite ina lámha. Canann siad amhráin in ómós do Naomh Mártain.[2]
  • De réir an fhinscéil, bhí muintir Tours ag iarraidh easpag a dhéanamh de. Ach ní raibh Mártain sásta agus rinne sé a mhíle dícheall éalú. Faraor chuaigh sé i bhfolach i gcró, áit a raibh sealbhán géanna[3][4] Ach sceith na géanna air le linn an ruaille buaille. Dá bharr sin gur itheadh gé ar Mhór Roinn na hEorpa ar lá an altaithe sa tseanaimsir (agus turcaithe inniu ar Lá an Altaithe sna Stáit Aontaithe; ní raibh géanna ag na Pilgrim Father is cosúilǃ).

Naomh Mártain in Éirinn cuir in eagar

Ní nach ionadh go bhfuil sean-nósanna ar leith ag baint leis an 11 Samhain in Éirinn: faightear spléachadh ar chúlra agus ar oidhreacht Naomh Mártain sa chuntas seo i mBailiúchán na Scol.

Dar leis an scéal seo, bhíodh sé de nós ag seandaoine éan éigin ar nós , circe nó lachan a mharú an oíche roimh Lá Fhéile Mártain, an 10 Samhain, agus an fhuil a scaoileadh mórthimpeall chró na gcearc[5]. Luaitear sa scéal seo go gcuireadh gach duine den líon tí crosóg air féin[6] agus deiridís an méid seo a leanas:

“Iarraim ar Mhártan Míorbhúilteach muid a tharrtháil is a chur ar ár leas;
is go mbeirimíd beó ar Fhéil Mhártain aríst.”

Tagairtí cuir in eagar

  1. en.wikipedia.org (2018). "St. Martins Day Celebrations around the world".
  2. gaois.ie. "Lá Fhéile Mártain". Dáta rochtana: 2018.
  3. "On Chapels and Geese: The Feast of St. Martin of Tours" (en-US). Gottesdienst. Dáta rochtana: 2021-11-11.
  4. aonghus.blogspot.com (2009). "Droch lá, más gé tú!". Dáta rochtana: 2018.
  5. duchas.ie. "Nósanna". Dáta rochtana: 2018.
  6. dúchas.ie (2018). "Naomh Máirtín".