Maurice Ravel
Ba chumadóir, pianódóir agus stiúrthóir ceolfhoirneach Francach é Joseph Maurice Ravel (7 Márta 1875 – 28 Nollaig 1937).
(1925) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (fr) Joseph Maurice Ravel 7 Márta 1875 Ciboure, An Fhrainc |
Bás | 28 Nollaig 1937 62 bliana d'aois Páras, An Fhrainc |
Siocair bháis | Neamhord néareolaíoch |
Áit adhlactha | Reilig Levallois-Perret |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Aindiachas |
Gníomhaíocht | |
Gairm | stiúrthóir ceolfhoirne, pianódóir, cumadóir |
Tréimhse oibre | 1888 – |
Ball de | |
Seánra | Ceoldráma, ceol clasaiceach agus impriseanachas sa cheol |
Gluaiseacht | Impriseanachas sa cheol |
Mac/iníon léinn de chuid | Gabriel Fauré, Charles-Wilfrid de Bériot, André Gedalge agus Emile Pessard |
Mac/iníon léinn | Alexis Roland-Manuel agus Manuel Rosenthal |
Teangacha | An Fhraincis agus an Bhascais |
Gairm mhíleata | |
Coinbhleacht | An Chéad Chogadh Domhanda |
Uirlis | Pianó |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Teaghlach | Famille Ravel (en) |
Athair | Pierre-Joseph Ravel agus Marie Ravel |
Siblín | Édouard Ravel |
Gradam a fuarthas | |
|
Cuirtear síos air mar chumadóir impriseanaíoch go minic, cosúil leis an chumadóir eile Francach Claude Debussy, ach níor thaitin an téarma seo le ceachtar acu.
Sna 1920idí agus na 1930idí bhí cáil air mar an cumadóir Francach ab fhearr a bhí beo.
Saol
cuir in eagarBhí an ceol go mór ina theaghlach nuair a rugadh é, agus d’fhreastail sé ar Ardscoil Cheoil Pháras, a bhí mar an phríomh-choláiste ceoil sa Fhrainc. Ní raibh ardmheas ag an bunaíocht coimeádach dó, agus tharlaigh scannal mar gheall ar an drochíde a thug siad dó.
Tar éis dó an ardscoil cheoil a fhágáil, rinne sé a bhealach féin mar cumadóir. D’fhorbair sé stíl a bhí soiléireacht mhór ag baint leis, agus tá gnéithe nua-aoiseachais, bharócaí agus nuachlasaicis le fáil ann, chomh maith le gnéithe snagcheoil ina dhiaidh sin. Thaitníodh sé leis triail a bhaint as struchtúir nua ceoil, atá feiceálach ina shaothar is cáiliúla, Bolero (1928), ina nglacann athsheinm áit na forbartha.
Rinne sé cuid cóiriúcháin ceolfhoirneach ar ceol cumadóirí eile, agus is é an leagan de Pictures at an Exhibition le Mussorgsky, a chóirigh Ravel i 1922, a chóiriúchán is cáiliúla.
Chum Ravel níos lú saothair ná a chomhaoisigh, toisc go raibh sé ina oibrí mall agus cúramach.
Saothar
cuir in eagarI measc a shaothair, tá ceol don phianó, ceol aragail, dhá choinséartó pianó, ceol bailé, dhá cheoldráma agus ocht gciogal amhrán; níor scríobh sé aon siansa ná ceol eaglaise. Tá dhá leagan ann de chuid mhór dá shaothair: leagan phianó ar dtús, agus ceolfhoirniú níos moille.
Tá cuid dá cheol phianó, a leithéid Gaspard de la nuit (1908), rídheacair a sheinm, agus tá cothromaíocht sciliúil de dhíth chun a shaothair ceolfhoirne chasta, ar nós Daphnis et Chloé, a chur i láthair.
Taifeadadh
cuir in eagarBhí Ravel ar dhuine de na cumadóirí is luaithe a d’aithin go raibh cumas ag taifeadtaí dul i gcion ar phobal níos leithne lena gcuid ceoil. Ó na 1920dí ar aghaidh, in ainneoin an teicníc teoranta a bhí aige mar phianódóir agus mar stiúrthóir ceolfhoirneach, ghlac sé páirt i dtaifeadadh ar roinnt dá shaothair; rinneadh cuid taifeadadh eile faoina mhaoirseacht.