Meatánól
Meatánól | |
---|---|
![]() |
![]() |
Ainm IUPAC | meatánól |
Ainmneacha eile | carbinol |
Aitheantóirí | |
Uimhir CAS | 67-56-1 |
Airíonna | |
Foirmle mhóilíneach | CH3OH |
Mais mhóilíneach | 32.04 g/mol |
Dealramh | Leacht éadathach |
Dlús | 0.7918 g/cm³, leacht |
Intuaslagthacht | inmheasctha ina iomlán |
Leáphointe | –97 °C, -142.9 °F (176 K) |
Fiuchphointe | 64.7 °C, 148.4 °F (337.8 K) |
pKa | ~ 15.5 |
Slaodacht | 0.59 mPa·s at 20 °C |
Déphol | 1.69 D (gás) |
Guaiseacha | |
Aicmiú AE | Inlasta (F) Toxic (T) |
NFPA 704 | ![]() ![]() ![]() |
Comhdhúile gaolmhara | |
Alcánóil gaolmhara | Eatánól bútánól |
Comhdhúile gaolmhara | Clóraimeatán meatocsaimeatán |
Is é an meatanól, nó an t-alcól meitile, an ceann is simplí de na halcóil, agus is í an fhoirmle cheimiceach atá aige ná CH3OH. Is minic a ghiorraítear an fhoirmle sin go MeOH, ina seasann Me don mheitilghrúpa CH3-.
Le teocht an tseomra, is dual don mheatanól bheith ina leacht éadrom soghalaithe nach bhfuil dath ar bith ann. Rachaidh sé trí thine go héasca, má thagann an gal i dteagmháil le tine oscailte. Tá boladh suntasach ann cé go bhfuil sé ábhairín níos séimhe agus níos milse ná boladh an eatanóil.
Nimh atá sa mheatanól, toisc go gclaochlaíonn sé go formaildéad i meitibileacht an duine. Déanann an meatanól dochar ar leith do reitine na súile, agus mar sin, is minic a fhágtar iarmharáin an nimhiú meatanóil dall ar fad go lá a mbáis.