Mebyon Kernow
Páirtí polaitiúil i gCorn na Breataine is ea Mebyon Kernow (Mic Chorn na Breataine as Gaeilge). Creideann sé sa náisiúnachas Cornach, agus gur cheart Corn na Breataine a aithint mar cheann de náisiúin na Ríochta Aontaithe (in éindí leis an mBreatain Bheag, Tuaisceart Éireann, Sasana, agus Albain). Thairis sin, glacann an páirtí seasamh lár-chlé; ag glao, mar shampla, ar son athdháileadh pá, cáineadh áitiúil níos forásaí, agus gnímh in aghaidh seachaint na gcánacha ina bhforógra d'Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2015.[1]
I láthair na huaire (Mí Eanáir 2020), tá ceithre shuíomh ag an bpáirtí ar Chomhairle Chontae Chorn na Breataine:
- Andrew Fada, ceantar Kelliwik
- Matt Luke, ceantar Pennwydhek agus Boskoppa
- Loveday Jenkin, ceantar Egloscrewen agus Gwendron
- Dick Cole, cheantar Eglosenoder

Léarscáil Chorn na Breataine de réir páirtí a bhfuil comhairleoir aige i ngach ceantar. Toghann gach ceantar comhairleoir amháin; tá Mebyon Kernow i sean-ór.
Tá 12 comhairleoir paróiste agus 10 comhairleoir baile acu chomh maith.[2]
Féach FreisinCuir in Eagar
Naisc SheachtrachaCuir in Eagar
Nótaí agus tagairtíCuir in Eagar
- ↑ "Mebyon Kernow - The Party for Cornwall / Manifesto for the 2015 General Election" (in Béarla) (2015).
- ↑ Mebyon Kernow - The Party for Cornwall. "City, Town and Parish Councillors < Our Team < Mebyon Kernow - The Party for Cornwall". www.mebyonkernow.org. Dáta rochtana: 2018-10-23.