Meta Platforms

comhlacht Meiriceánach
(Athsheolta ó Meta)

Is ollchomhlacht teicneolaíochta é MetaMeta Platforms, Inc, Is le Meta na hardáin dhigiteacha Facebook, Instagram agus WhatsApp a bhfuil tóir ábhalmhór orthu ar fud an domhain. Is é an meán sóisialta Facebook a phríomhghnó.

Bosca Sonraí EagraíochtaMeta Platforms
(en) Meta Platforms, Inc. Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósmeiteachruinne agus Facebook Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálcuideachta phoiblí
comhlacht teicneolaíochta
soláthraí seirbhíse ar líne Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlíDelaware corporation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh29 Iúil 2004, Cambridge Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Mark Zuckerberg, Eduardo Saverin, Dustin Moskovitz, Chris Hughes agus Andrew McCollum Cuir in eagar ar Wikidata
Ócáid shuntasach
2018 Facebook 2018 data breach (en) Aistrigh
2019 Facebook 2019 data breach (en) Aistrigh
1 Lúnasa 2019 Facebook 2019 data breach (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Táirgebogearra, Messenger (en) Aistrigh, Facebook, Instagram, WhatsApp, Meta pixel (en) Aistrigh agus Facebook Custom Audience (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deDataCite (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Úsáideann sé/sícuntas
browsing history (en) Aistrigh
app usage measurements (en) Aistrigh
profiling information (en) Aistrigh
notification system (en) Aistrigh
app usage measurements (en) Aistrigh
browsing history (en) Aistrigh
market segment (en) Aistrigh
uimhir theileafóin
Advertising ID (en) Aistrigh
geopositioning (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stocmhalartán(NASDAQ META) Cuir in eagar ar Wikidata
Earra a úsáidtear :
  Facebook (2004)
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Príomhoifigeach feidhmiúcháinMark Zuckerberg (2004–) Cuir in eagar ar Wikidata
Stiúrthóir/bainisteoirMark Zuckerberg Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe58,604 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
ÚinéirMark Zuckerberg (52.9%).
Eduardo Saverin (6.9%).
Dustin Moskovitz (3.8%).
BlackRock (2.3%). Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Cuid deBig Tech (web) (en) Aistrigh
S&P 500
S&P 100
Facebook, Apple, Amazon, Netflix and Google (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Iar-ainm
TheFacebook, Inc. (2004–2005)
Facebook, Inc. (2005–2021)
Meta Platforms, Inc. (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
Táscaire eacnamaíoch
Cothromas iomlána128,290 M$ (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Ioncam iomlán116,609 M$ (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Glanbhrabús23,200 M$ (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Sócmhainní iomlána159,316 M$ (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinabout.meta.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: co0321654 Facebook: Meta Twitter: Meta Instagram: meta LinkedIn: meta Youtube: UC04FyDIvYXNecpbG8gyOw4A GitHub: facebook Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhoifig
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
1 Hacker Way (en) Aistrigh
Íomhá
Ainmnithe in ómósMeta Platforms, Mark Zuckerberg, San Quentin State Prison (en) Aistrigh, Hacker Way (en) Aistrigh agus Sun Microsystems
Sonraí
CineálCampas
AiltireFrank Gehry
Tréith
Achar dromchla57 acre
Suíomh geografach
Suíomh1 Hacker Way, Menlo Park, CA 94025
Map
 37°29′06″N 122°08′53″W / 37.485°N 122.148°W / 37.485; -122.148
Le cuidHacker Way (en) Aistrigh

Tá na billiúin dollar caite ag Meta ar thogra ollmhór dá gairtear an meiteachruinne nó 'metaverse'.[1]

Meta i mBÁC

Gnó cuir in eagar

Bhí 87,000 duine fostaithe ag Meta ar fud an domhain sa bhliain 2022.[2] I mí na Samhna 2022, d'fhógair Meta go raibh siad le 13% den 87,000 duine atá fostaithe acu a ligean chun siúil. Sin 11,000 fostaí san iomlán i dtíortha éagsúla.[3]

Bhain an scéal b'fhéidir leis an rófhás a tháinig sna 2010idí ar an earnáil teicneolaíochta idirnáisiúnta. Ach i mí na Márta 2023, dúirt Meta go raibh sé le 10,000 fostaí eile in ionaid éagsúla ar fud an domhain a ligean chun siúil, agus bhí na scairshealbhóirí sásta leis an fógra sin ag an am.[1][4]

Comhlíonadh cuir in eagar

Cúlra cuir in eagar

Sa bhliain 2013, scaoileadh an rún faoin easpa cosanta sonraí nuair a léirigh Edward Snowden - a bhí fostaithe ag an am leis an National Security Agency i Meiriceá – go raibh údaráis na Stát Aontaithe i mbun spiaireachta ar dhaoine ar na meáin shóisialta, a bhuíochas don aistriú sonraí ón AE go SÁM.[5]

Tamall níos déanaí sa bhliain 2013, thug Max Schrems – Ostarach a bhí i mbun feachtais faoi phríobháideachas saoránach – dúshlán cúirte do Facebook ar an mbonn go raibh ag cliseadh orthu a chuid cearta príobháideachais a chosaint.[6]

Tar éis blianta fada cur agus cúiteamh sna cúirteanna, chuir an Chúirt Bhreithiúnas Eorpach ar neamhnaí an "Sciath Phríobháideachais" – an socrú sa dlí faoi aistriú sonraí a bhíodh i bhfeidhm idir an tAE agus SÁM.

Sna 2020idí, bhí conradh nua faoi aistriú sonraí aontaithe idir an dá bhloc á phlé.[5]

Fíneáil Meta 2023 cuir in eagar

Sa bhliain 2023, bhí €1.2 billiún d'fhíneáil gearrtha ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn ar Meta faoin dlí a shárú agus Meta ag aistriú sonraí pearsanta ón Aontas Eorpach go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá.[5] Bhí Meta ag lorg achomharc ar an gcinneadh agus níor íoc siad pingin ar bith go fóill.[7]

Mar chuid de bhreithiúnas an Choimisiúin, bhí ordú faighte ag Meta aistriú sonraí ón AE go SÁM a chur ar fionraí, ach bhí 5 mhí acu géilleadh don ordú sin. Bhí 6 mhí faighte ag Meta chun deireadh a chur leis an gcleachtas ag an gcuideachta sonraí pearsanta lucht úsáidte san Eoraip a phróiseáil agus a stóráil go mídhleathach i Meiriceá ar an mbonn gur sárú é ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR).

Rinne an Coimisiún um Chosaint Sonraí fiosrúcháin faoi na huirlisí dlí a bhíonn á n-úsáid ag Meta le sonraí lucht úsáidte Facebook a aistriú go Meiriceá. "Gnáthchlásail conartha" a thugtar ar na huirlisí sin. Ach rialaigh an Coimisiún nach leor iad le seasamh in aghaidh na rioscaí atá ann do chearta bunúsacha agus saoirse bhunúsach daoine agus a gcuid sonraí.

Rialaigh an Coimisiún in Éirinn ar dtús báire nach mbeadh fíneáil i gceist. Ach d’easaontaigh rialaitheoirí eile ar an MórRoinn leis sin agus i ndeireadh na dála rialaigh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí go ngearrfaí fíneáil ar Meta.[5]

Meta in Éirinn cuir in eagar

Is i mBaile Átha Cliath atá ceanncheathrú Eorpach Meta. Bhí 3,000 díobh sin ag obair go díreach don chomhlacht in Éirinn ag tús 2022, agus bhí breis is 6,000 duine eile a oibríonn le comhlachtaí eile a chuireann seirbhísí tacaíochta ar fáil dó.[2][8] I dtús na bliana 2023, ní raibh ann ach 2,600 i mBÁC agus d'fhógair Meta go raibh an comhlacht le thart ar 490 fostaí eile in Éirinn a ligean chun siúil.[9]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Nuacht TTÉ (2023-03-14). "Meta le 10,000 fostaí eile a ligean chun siúil" (as ga-IE). 
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2022-11-07). "Postanna á gcailleadh i Meta" (as ga). 
  3. Nuacht RTÉ (2022-11-09). "Meta le 390 fostaí in Éirinn a ligean chun siúil" (as ga-IE). 
  4. Katie Paul, Nivedita Balu (2023-03-14). "Meta to cut 10,000 jobs in second round of layoffs" (en). Reuters. Dáta rochtana: 2023-03-15.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 Nuacht RTÉ (2023-05-22). "€1.2 billiún pionóis ar Meta faoi aistriú sonraí pearsanta" (as ga). 
  6. "High Court: Max Schrems entitled to 80 percent of his legal costs against DPC in compromised proceedings" (en). Irish Legal News (2022-09-30). Dáta rochtana: 2023-05-22.
  7. Bhain an breithiúnas le Facebook ach ní bhain sé le h-ardáin eile de chuid Meta fearacht Instagram agus WhatsApp.
  8. RTÉ (Samhain 2022). "Andy Caomhánach, Feidhmeannach Ríomhaireachta, Acadamh na hOllscolaíochta." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-11-29.
  9. Nuacht RTÉ (2023-05-24). "Meta le thart ar 490 fostaí in Éirinn a ligean chun siúil" (as ga).