Michael Cronin

scoláire Éireannach

Scoláire agus scríbhneoir Éireannach é Michael Cronin, a rugadh sa bhliain 1960. Bhain sé amach BA ó Choláiste na Tríonóide (1982), MA ó UCD (1986) agus PhD ó Choláiste na Tríonóide (1991). Chaith sé seal sa Fhrainc, ag léachtóireacht ar an mBéarla in Université François Rabelais ó 1982 go 1983 agus in École Normale Supérieure ó 1983 go 1984. Chaith sé bliain ina léachtóir le Fraincis i gColáiste Phádraig, Droim Conrach sula bhfuair sé post in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1986.

Infotaula de personaMichael Cronin
Beathaisnéis
Breith1 Deireadh Fómhair 1960
63 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmmúinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla

Suíomh gréasáinmichaelcronin.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Ar na gradaim a bronnadh air agus na duaiseanna atá buaite ag Michael Cronin, tá an Prix du Québec (2002), ollúnacht onórach a bhronn an Universidad Ricardo Palma i bPeiriú air sa bhliain 2001 agus duais CATS Vinay Darbelnet don leabhar Across the Lines (Cork University Press, 2000) sa bhliain 2001. Toghadh é mar Bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 2006 agus ceapadh é mar Officier de l’Ordre des Palmes Académiques (Rialtas na Fraince) sa bhliain 2007. Tá sé in Stiúrthóir ar an Ionad um Staidéar an Aistriúcháin agus Téacs in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Saothar foilsithe cuir in eagar

  • An Ghaeilge san aois nua/Irish in the new century, Cois Life, 2005
  • Translation and Globalization, Routledge, 2003.
  • Irish Tourism: Image, Culture and Identity, Channel View Publications, 2003.
  • Time Tracks: Scenes from the Irish Everyday, New Island, 2003.
  • The Languages of Ireland, Four Courts Press, 2003.
  • Irish Tourism: Image, Culture and Identity, Cork University Press, 2002.
  • The Languages of Ireland, Four Courts Press, 2002.
  • Reinventing Ireland: Culture, Society and the Global Economy, Pluto Press, 2002.
  • Translating Tomorrow: Translation, Technology and Interculturality in a Global Age [forthcoming], Routledge, 2002.
  • Across the Lines: Travel, Language, Translation, Cork University Press, 2000.
  • Unity in Diversity? Current Trends in Translation Studies, St Jerome Press, 1998.
  • Anthologie des nouvelles irlandaises, L'Instant meme, 1997.
  • Translating Ireland: Translation, Languages and Identity, Cork University Press, 1996.
  • Tourism in Ireland: A Critical Analysis, Cork University Press, 1993.

Nascanna seachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar