Michael Dransfield

file Astrálach

File Astrálach ba ea Michael Dransfield (12 Meán Fómhair 1948 – 20 Aibreán 1973). Bhí sé ag cumadh filíochta sna 1960idí agus na 1970idí agus scríobh sé beagnach míle dán. Dúradh faoi go raibh sé ar na filí is mó a raibh gnaoi na ndaoine orthu lena linn.[1]

Infotaula de personaMichael Dransfield
Beathaisnéis
Breith12 Meán Fómhair 1948
Bás20 Aibreán 1973
24 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síSydney Grammar School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Musicbrainz: 1b239986-42c3-41fe-8023-81570c76b90d Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha cuir in eagar

Rugadh Dransfield in Sydney agus cuireadh oideachas air ag Sydney Grammar School.[2] Chaith sé seal gearr ag déanamh staidéar ar Bhéarla agus ar litríocht an Bhéarla ag Ollscoil New South Wales agus ag Ollscoil Sydney sular éirigh sé as. Chaith sé roinnt míonna ag obair mar chléireach in Oifig Cháineachais na hAstráile sula ndeachaigh sé leis an bhfrithchultú. As sin amach bhíodh sé ag obair ó am go ham agus é ina chónaí in áiteanna difriúla in Sydney nó in Casino, baile beag ar chósta thuaidh New South Wales. Is minic a théadh sé ag taisteal idir an Tasmáin agus Queensland, ag tabhairt cuairt ar an iomad cairde agus ar fhilí eile.

Thosaigh Dransfield ag scríobh go rialta nuair a bhí sé ceithre bliana déag. Chum sé méid mór filíochta agus úsáid na ndruganna ag teach chun tosaigh mar ábhar le himeacht aimsire. Foilsíodh dánta leis den chéad uair sna 1960idí. Tháinig siad amach sna hirisí Meanjin, Southerly, Poetry Australia agus Poetry . Ba é an chéad chnuasach aige Streets of the Long Voyage, agus d’fhoilsigh sé dhá leabhar eile.

Bhí an tsláinte go dona aige agus é sna fichidí. Fuair sé bás san Ospidéal Mater Misericordiae in Sydney Thuaidh ar an 20 Aibreán 1973 nuair a bhí sé ceithre bliana is fiche d’aois agus beagnach míle dán fágtha ina dhiaidh aige. Tugadh cuntais éagsúla ar chúis a bháis: ródháileog,[3] galrú ó úsáid drugaí,[4] agus "acute broncho-pneumonia and brain damage", de réir tuairisc cróinéara.[5]

Saothar cuir in eagar

Tá sé ráite ag an bhfile agus criticeoir John Tranter go bhfuil an chuid is mó de shaothar Dransfield bunaithe ar dhá fhantaisíocht rómánsacha. Bhain ceann acu le “Courland Penders,” teach mór sinsearach samhailteach, agus bhain an ceann eile le draíocht na ndrugaí. Maíonn Tranter gurbh fhurasta le Dransfield feidhm a bhaint as an tsaorvéarsaíocht a bhí le fáil ina thimpeall ach nár bhain sé tairbhe radacach aisti. Ach deir sé freisin:

Michael Dransfield did write some wonderful lyric poems; his abundant talent and his generosity of spirit shine through them.[6]

Dúirt a eagarthóir Rodney Hall gur tháinig ardú meanman ar léitheoirí nuair a foilsíodh dánta Michael Dransfield den chéad uair agus iad á meas le hais filíochta arbh fhearr léi an mhaolaisnéis agus an íoróin shibhialta. Dhearbhaigh sé a ghradam mar fhile i samhlacha pearsanta, rudaí a ghríosaigh chun pinn é.[7]

Michael died on Good Friday, 1973. He was twenty-four. His output had been large and his place in Australian Literature was already assured.[7]

Oidhreacht cuir in eagar

Rinne Rodney Hall, a bhí ina eagarthóir filiochta ar an nuachtán The Australian agus a bhí orthu siúd ba thúisce a d’fhoilsigh filíocht Dransfield, rinne sé roinnt cnuasach iarbháis d’fhilíocht Dransfield a fhoilsiú amach sna 1970idí agus go lauth sna 1980idí, agus Collected Poems (UQP, 1987) san áireamh.

Chuir an cumadóir Paul Stanhope ceol le cuid de dhánta Dransfield do chór measctha mar Three Geography Songs in 1997.[8] Tá ceol curtha ag cumadóirí eile le dánta dá cuid.[9]

Sliocht cuir in eagar

his afternoon is
orange at moments
and sometimes pale

shadow walks
across the floor
as slow as morning

the wind falls
a violin

at the window
barely moving
petals of rose (Sliocht as “Before the hour of streetlights”)

tá a iarnóin
flannbhuí idir amanna
dath éadrom uirthi uaireanta

scáthanna ag cur
an urláir díobh
chomh mall leis an maidin

lagaíonn an ghaoth
veidhlín

san fhuinneog
ag corraí ar éigean
piotail róis

Nótaí cuir in eagar

  1. Voyages - The Poetry of Michael Dransfield Poetica. Producer/director Justine Lees. ABC National Radio. 15 April 2000. Curtha i gcartlann 3 Bealtaine 2005 ar an Wayback Machine
  2. Wilde, William. Australian Poets and Their Works. Oxford University Press, 1996
  3. >Louis Armand: "Still Life With Hypodermic: Michael Dransfield And The Poetry Of Addiction"
  4. Hamilton, Ian. The Oxford Companion to Twentieth-Century Poetry in English. Oxford University Press, 1996: lch 135. ISBN-13: 9780192800428
  5. Dobrez, Patricia. Michael Dransfield's Lives : A Sixties Biography. Miegunyah Press, Melbourne University Press, 1999: lch 16.
  6. https://web.archive.org/web/20060823044809/http://www.austlit.com/a/dran/jt-collected.html John Tranter reviews Michael Dransfield — Collected Poems.
  7. 7.0 7.1 Rodney Hall, Réamhrá, Collected Poems, Michael Dransfield: https://www.poetrylibrary.edu.au/poems-book/collected-poems-0712000 Curtha i gcartlann 2020-01-29 ar an Wayback Machine
  8. "Three geography songs : for SATB choir by Paul Stanhope : Work : Australian Music Centre".
  9. "Michael Dransfield : Australian Music Centre".

Leabharliosta cuir in eagar

  • Streets of the Long Voyage (1970)
  • The Inspector of Tides (1972)
  • Drug Poems (1972)
  • Memoirs of a Velvet Urinal (1975)
  • Voyage into Solitude (1978), eag. Rodney Hall
  • The Second Month of Spring (1980), eag. Rodney Hall
  • Michael Dransfield (1987), eag. Rodney Hall

Naisc sheachtracha cuir in eagar