{WD Bosca Sonraí Duine{}} Riarthóir sinsearach Briotanach, scoláire torthúil agus údar ab ea Micheál Mac Amhlaoibh (11 Meán Fómhair 1838 - 15 Márta 1913), ar a dtugtaí Max Arthur MacAuliffe Michael McAuliffe freisin. [1] Tá cáil ar Mac  Amhlaoibh mar gheall ar an aistriúchán páirteach a rinne sé ar scrioptúr na Suíceach Guru Granth Sahib agus as an stair i mBéarla.

Luathshaol agus oideachas

cuir in eagar

Saolaíodh Mac Amhlaoibh ar 10 Meán Fómhair 1841. Ba as an nGleann Mór é, i bparóiste Mhóin na nGé, atá in aice Theampail an Ghleanntáin in Iarthar Luimnigh.[2]

Fuair sé a chuid oideachais i Scoil an Chaisleáin Nua, Luimneach, agus i gColáiste Springfield . D’fhreastail sé ar Choláiste na Banríona, Gaillimh idir 1857 agus 1863, ag bronnadh scoláireachtaí sóisearacha air i Roinn Liteartha Dhámh na nEalaíon 1857–58, 1858–59, agus 1859–60. Bronnadh céim BA le céad onóracha sa Nuatheanga air in 1860. Ghnóthaigh sé scoláireacht shinsearach sa tSean-Chlasaic ar feadh 1860-1, agus scoláireacht shinsearach sna Nuatheangacha agus sa Stair ó 1861-62. Bhí sé ina Rúnaí freisin ar Chumann Liteartha agus Díospóireachta (Béarla: The Literary & Debating Society) an choláiste ar feadh seisiún 1860-61.

Bhí post mar mhonatóir aige i Scoil Náisiúnta Theampall an Ghleanntáin, ina raibh a athair mar phríomhoide uirthi (Foley, 2005:197-208), tráth a bhí Timothy O’Neill Lane ina dhalta inti.

Chuaigh Mac  Amhlaoibh isteach sa Státseirbhís Indiach sa bhliain 1862, agus shroich sé an Punjab i bhFeabhra 1864. Ceapadh é ina Leas-Choimisinéir ar an bPuinseáb in 1882, agus ina Bhreitheamh Roinne sa bhliain 1884. D’éirigh sé as Státseirbhís na hIndia sa bhliain 1893.

Scríobh Mac  Amhlaoibh leagan freisin, sé sin aistriúchán Béarla ar scrioptúr naofa na Suíceach, an Gúrú Granth Sahib . Scríobh sé freisin The Sikh Religion: its Gurus, Sacred Writings and Authors (sé imleabhar, Oxford University Press, 1909). Thug Pratap Singh Giani, scoláire Sikhach cúnamh dó ina chuid saothar.

 
Grianghraf de Micheál Mac  Amhlaoibh ag caitheamh turban

D'iompaigh Mac  Amhlaoibh ar an Suíceachas sna 1860í agus bhí fiú a fhostóirí ag fonóid faoi tar éis dó iompú. [3]

Dúirt a chúntóir pearsanta ina chuimhní cinn go bhféadfaí Mac  Amhlaoibh a chloisteáil ar leaba a bháis ag aithris paidir maidine na Suíceach, Japji Sahib, deich nóiméad sula bhfuair sé bás.

Tá ardmheas ag an bpobal ar Mac  Amhlaoibh, as an aistriúchán go Béarla a rinne sé ar na Scrioptúir na Suíceach, an Gúrú Granth Sahib. Ag léacht ag seisiún bliantúil den Singh Sabhai Lahore, d’fhógair Mac  Amhlaoibh go raibh an Gúrú Granth dosháraithe mar leabhar teagasc naofa .

Bhronn a alma mater an céim MA (honoris causa) air isa bhliain 1882. Fuair Mac  Amhlaoibh bás ina theach cónaithe i Londain Shasana ar 15 Márta 1913.

Foilseacháin

cuir in eagar
  1. Foley (2017). "Dining alone in Rawalpindi? Max Arthur Macauliffe: Sikh scholar, reformer, and evangelist". Journal of the Irish Society for the Academic Study of Religions 4 (1): 7–32. 
  2. Lth.41. Focal ahud Foclóireacht T.O'Neill Lane le Sraghan Mac an tSionnaigh.https://dspace.mic.ul.ie/handle/10395/2132]
  3. The Limerick man unknown in Ireland but revered by millions worldwide”. The Irish Times. Dáta rochtana: 13 September 2021.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar