Michael Cera
aisteoir Ceanadach
(Athsheolta ó Micheal Cera)
Is aisteoir Ceanadach é Michael Cera, a rugadh ar an 7 Meitheamh, 1988. Bhí cúpla mion-pháirteanna aige i scannáin, sraitheanna teilifíse agus fógraí teilifíse sular rinne sé páirt George-Michael Bluth sa dráma grinn suímh Arrested Development. Mhair Arrested Development trí séasúr sular cuireadh ar ceal é air. Rinne Cera páirt mic an phríomhcharachtair atá i ngrá lena chol ceathrar.
Michael Cera | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Brampton, 7 Meitheamh 1988 (34 bliain d’aois) |
Náisiúntacht | Ceanada |
Áit chónaithe |
Torontó Brooklyn |
Oideachas | |
Alma mater |
Heart Lake Secondary School (en) ![]() |
Teangacha | An Béarla |
Gairm | |
Gairm | aisteoir, stiúrthóir scannán, scríbhneoir scripte scannáin, léiritheoir scannáin, eagarthóir scannán, ceoltóir, aisteoir saincharachtair, aisteoir scannáin, aisteoir gutha agus aisteoir teilifíse |
Uirlis cheoil | dordghiotár |
Creideamh | |
Reiligiúin | An tAindiachas |
IMDb | nm0148418 |
Anuas ar sin, tá Cera i mbéal an phobail mar gheall ar na páirteanna a bhí aige sna scannáin Juno, Superbad, Nick and Norah's Infinite Playlist agus Year One. Tá an t-iomrá ann go mbeidh sé sa leagan scannáin de Arrested Development.
Foilsíodh Pincone, gearrscéalta a scríobh Cera, san irisleabhar liteartha McSweeney's Quarterly sa samhradh 2009.