Is téarma Laidine é mihi-est (.i. 'agam-tá'), a dhéanann tagairt don dóigh a gcuirtear 'seilbh' nó úinéireacht in iúl sna teangacha Ceilteacha. I bhformhór na dteangacha Ind-Eorpacha, is le briathar a chuirtear seo in iúl, mar shampla:

Gearmáinis: Ich habe ein Buch ('sé 'haben' an briathar)
Béarla: I have a book ('sé 'to have' an briathar)
Spáinnis: (Yo) tengo un libro ('sé 'tener' an briathar)

ach

Gaeilge: leabhar agam. ('ag' an réamhfhocal)
Briotáinnis: Ul levr 'a zo ganin. ('gan' an réamhfhocal)

Baintear úsáid as seo san bhFionlainnis (minulla on kirja), sa Rúisis (у меня книга) ('у' an réamhfhocal), agus san Araibis (لي كتاب nó عندي كتاب) (réamhfhocal 'عند' nó '-ل'), ar a laghad.