Is éard atá sna miotail alcaile ná na dúile ceimiceacha litiam (Li), sóidiam (Na), potaisiam (K), rubidium (Rb), caeisiam (Cs), agus frainciam (Fr). In éineacht le hidrigin, is ionann iad agus grúpa 1, atá suite san S-bhloc san tábla peiriadach. Bíonn an leictreon is forimeallaí ag gach miotal alcaile san s-fhithiseán : bíonn airíonna comhchosúla acu mar thoradh ar an gcumraíocht leictreon roinnte seo. Go deimhin, soláthraíonn na miotail alcaile an sampla is fearr de grúptreochtaí na n-ndúl sa tábla peiriadach, le dúile ag taispeáint iompar homalógach a bhíonn ina chomhartha sóirt. Tugtar an fhine litiam ar na dúile seo freisin i ndiaidh a phríomhdhúil.

Miotail alcaile.

Is miotail lonracha, boga, an-imoibríocha iad na miotail alcaileacha ag teocht agus brú caighdeánach agus cailleann siad a leictreon is forimeallaí go héasca chun caitian a fhoirmiú le lucht leictreach +1. Is féidir iad uilig a ghearradh go héasca le scian mar gheall ar a mboga, ag nochtadh dromchla lonrach a bhíonn ag smálú go tapa san aer mar gheall ar ocsaídiú ag taise atmaisféarach agus ocsaigin (agus i gcás litiam, nítrigin). Mar gheall ar a n-imoibríocht ard, caithfear iad a stóráil faoi ola chun imoibriú le haer a chosc, agus ní fhaightear iad go nádúrtha ach i salainn agus ní mar mhiotail leo féin riamh. Is é caeisiam, an cúigiú miotail alcaile, an ceann is imoibríche de na miotail go léir. Imoibríonn na miotail alcaile go léir le huisce, agus imoibríonn na miotail alcaile is troime níos beoga ná na cinn is éadroime.


Tagairtí cuir in eagar