Is ionann mitraillette (ón bhFraincis: [mitʁajɛt], i., "fo-mheaisínghunna" ) agus ceapaire ó bhunús na Beilge. Deanta as leath-bhaguette atá líonta le feoil, sceallóga prátaí, agus rogha anlainn, ithtear mitraillettes agus iad te. Ceann de na ceapairí is coitianta i siopaí sceallóga sa Bhruiséil iad[1].

Bosca Sonraí BiaMitraillette
Bunús
EapainmFo-mheaisínghunna
Tír dhúchaisan Bheilg
Gastranómachaisbia na Bruiséile
Sonraí
Cineálceapaire, mias phrátaí agus mearbhia
Príomh-chomhábhairbaguette, sceallóga, feoil, anlann agus crudités
Dhá mhitraillettes le hanlainn "riche" agus "brésil". Liège, An Bheilg.

Ceaptar gur tháinig an mhitraillette ar an bhfód don chéad uair sa Bhruiséil[2], agus tá cáil orthu i bhFlóndras, sa Vallóin agus i dTuaisceart na Fraince chomh maith, ach tugtar "Sandwich Américain" ar an gcineál cheapaire seo sa Fhrainc.[3]

Comhdhéanamh cuir in eagar

Cuirtear an mhitraillette thraidisiúnta le chéile leis na nithe seo a leanas ann[4]:

Is féidir saléid a fháil sa mhitraillette chomh maith, mar shampla leitis, trátaí, nó oinniúin fhriochta.

Clúdaítear an ceapaire i bpáipéar bán agus ithtear ar an láthair é, nó faightear iad "à emporter" .i., chun tabhairt leat.

Anlainn cuir in eagar

Tá rogha fairsing d'anlainn ar fáil sna siopaí sceallóga ar fud na Beilge agus is féidir aon cheann de na hanlainn a chur ar an mitraillette, ag brath ar rogha an chustaiméra. De ghnáth, cuirtear an t-anlann díreach ar an arán agus faoi na sceallóga. Uaireanta, ní chuirtear an t-anlann ar an mitraillette í fhéin ach i bpota beag plaisteach a ghabhann leis.

An mhitraillette i gcultúr an phobail sa Bheilg cuir in eagar

I ndiaidh na n-ionsaithe sceimhleithoireachta a tharla sa Bhruiséil ar an 22 Márta 2016, scaipeadh iomhánna de mhitrailllettes ar na meán shóisialta sa Bheilg agus thar lear, chun sceon na ndaoine a laghdú trí ghreann agus chun dlúthphartaíocht a léiriú.[5]

Tagairtí cuir in eagar