Ba cheannaire míleata Palaistíneach é Muhammad Diab Ibrahim al-Masri (Abu Khaled), ar a dtugtar Muhammad DhaifMohammed Deif srl (a rugadh i nGaza ar an 12 Lúnasa 1965 - 13 Iúil 2024 (b'fhéidir)). Ceannasaí Bhriogáid Izz al-Din al-Qassam, an sciathán míleata den Ghluaiseacht Friotaíocht Ioslamach (Hamas) ba ea é.  Mharaigh Iosrael a theaghlach roimh 2024 (a bean, a pháistí, nia. uncail srl)[1].

Infotaula de personaMohammed Deif
Ainm sa teanga dhúchais(ar) محمد دياب إبراهيم المصري Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Lúnasa 1965
Khan Yunis, Stát na Palaistíne Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Iúil 2024
58 bliana d'aois
Al-Mawasi, Rafah, Stát na Palaistíne (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Oifigeach ceannais
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnIoslam
Áit chónaitheStráice Gaza
Teanga dhúchaisan Araibis
Gníomhaíocht
Gairmmíleatach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2002 –  2024
Ball de
TeangachaAn Araibis
Gairm mhíleata
GéillsineHamas
CoinbhleachtCoinbhleacht Arab-Iosraelach agus Cogadht Iosrael-Hamas
Croineolaíocht
13 Iúil 20242024 targeted assassination of Muhammad Deif (en) Aistrigh
The killing of the wife, daughter, and infant son of Mohammed Deif (en) Aistrigh
international arrest warrants applications against Benjamin Netanyahu, Yoav Galant and Mohamed Deif (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Dar leis na hIosraelaigh gurbh é a bheartaigh an mórionsaí a rinne lucht airm Hamas ar dheisceart Iosrael i mí Dheireadh Fómhair 2003 inar maraíodh thart ar 1,200 duine, sibhialtaigh a bhformhór agus páistí ina measc.[2]

Marú Muhammad Deif, de réir an IDF (Fórsaí "Cosanta" Iosrael)

Mhaígh Iosrael gur maraíodh Deif ar an 13 Iúil 2024 in ionsaí diúracáin i gceantar Khan Younis.[2] Tuairiscítear go raibh meáchan 900 cileagram sa diúracán a scaoileadh leis an áras cónaithe a gceaptar go raibh Mohammed Deif ag fanacht ann.

Deir Hamas go bhfuil Deif fós beo agus ag feidhmiú as na tolláin sa stráice.[3] An lá a rinneadh an t-ionsaí in Khan Younis, dúirt na húdaráis san áit gur maraíodh os cionn 90 duine dá bharr ach shéan Hamas nach raibh Mohammed Deif ina measc.[2]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. By SAKHER ABU EL OUN, Agence France-Presse. "Thousands mourn slain wife, baby of Hamas commander" (en). GMA News Online. Dáta rochtana: 2022-01-15.
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2024-08-01). "Ceannaire míleata Hamas maraithe ag na hIosraelaigh" (as ga-IE). 
  3. "Iosrael ag leanúint lena gcogadh dearg beag beann ar an domhan mór" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-05-30). Dáta rochtana: 2024-09-10.