Is éard atá i muileann bia gléas chun bia bog a bhrú agus a scagadh. Trí bhall atá ann de ghnáth: babhla, pláta íochtair atá pollta mar a bheadh síothlán ann, agus cromán a bhfuil lann cham ag baint leis chun an bia a mheilt agus a bhrú amach trí phoill an phláta íochtair fad is atá an cromán á chasadh.  

Infotaula equipament informàticMuileann bia

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí bunúsacha
Úsáidsíothlú
Croineolaíocht
Arna fhionnachtain agVictor Simon
Moulin Legumes No.2

Is féidir leis an bpláta íochtair a bheith ina bhall buan den mhuileann. Os a choinne sin, is féidir plátaí inmhalartaithe a sholáthar agus poill de thomhais dhifriúla iontu. Coinnítear an muileann ar fhonsa an phota le trí chos iomaireacha nó le dhá chluas fonsa agus lámh. Déantar muilinn bhia de chruach dhomheirge nó d'alúmanam de ghnáth, cé go bhfuil babhlaí plaisteacha le fáil. Dhéantaí na muilinn is sine de stánphláta.

Stair cuir in eagar

Ar 31 Márta 1928 fuair Victor Simon, a bhí ina chónaí in Morlanwelz sa Bheilg, paiteann 348610 ar mhuilinn bhia. Cláraíodh an Passe-Vite seo ar 2 Márta 1928 sa Bheilg agus rinneadh an chéad chlárú idirnáisiunta ar 18 Samhain 1929. Ar 31 Márta 1929 bhunaigh Victor Simon et Richard Denis, iarnóir, comhlacht darbh ainm Simon et Denis chun earraí cistine, go háirithe muilinn bhia, a dhéanamh agus a dhíol. Rinneadh comhlacht poiblí de sa bhliain 1935 agus d'aistrigh sé go Carnières sa Bheilg. Dhíol sé a lán saghsanna difriúla de mhuilinn bhia ar feadh na mblianta, ach sa bhliain 1978 theip ar an ngnó.

Idir an dá linn fuair Jean Mantelet, Francach, paitinn Fhrancach 732 100 ar mhuilinn bhia a bhí an-chosúil le hearra Simon et Denis. Chuir siad siúd an dlí air, agus ar 9 Meitheamh 1939 dúirt cúirt Fhrancach (le Tribunal de Première Instance de Lyon) go raibh falsaitheacht déanta ag Mantelet. Rinne sé achomharc tar éis an Chogaidh, agus ar 2 Bealtaine 1947 dúirt Cúirt Dijon go bhféadfadh Mantelet leanúint air ag díol a mhuilinn bhia toisc (de réir dlí de chuid na bliana 1844) nach ndearna na Beilgigh a leagan féin a dhéanamh sa Fhrainc laistigh de thrí bliana ón dáta comhdaithe.

Tháinig leagan eile fós ó lámh Louis Tellier agus Jean, a mhac, sa bhliain 1947. Tugadh Pasapuré LT air agus d'éirigh go maith leis.

Naisc sheachtracha cuir in eagar