Muirghis Cananach Ua Conchobhair
amhránaí Éireannach
Ba phrionsa Chonnacht é Muirghis Cananach Ua Conchobhair a fuair bás i 1224.
Gníomhaíocht | |
---|---|
Gairm | amhránaí, file |
Teangacha | An Ghaeilge |
Uirlis | Ceol gutha |
Teaghlach | |
Athair | Ruaidrí mac Tairrdelbach Ua Conchobair |
Siblín | Aed mac Ruaidrí Ua Conchobair |
Ba mhac de chuid Ruaidhrí Ua Conchobhair, rí Gaelach deireanach na hÉireann, é. Bhí Muirghis ina mhanach, agus ba fhile agus amhránaí iomráiteach é freisin.
Luadh a bhás in Annála Loch Cé:
Muirges cananach, mac Ruaidhri .H. Conchobhair, duine is comdeisi tainic do Gaoidealaibh riam il-leigend & i cantairecht, & h-i uers dénmhuidhecht, do ég is in bliadain si, & a adhlucadh a Cunga Feichin iar m-buaidh ongta & aitrighe.[1]
(Muirghis cananach, mac Ruairí .H. Conchobhair, duine is comhdheise a tháinig de Ghaeil riamh i léann agus i gcantaireacht, agus i véarsaíocht, d'éag sa bhliain seo, agus a adhlacadh i gCúnga Fheichín i ndiaidh bua ungtha agus aithrí.)
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Annála Loch Cé (LC1224.4)". Dáta rochtana: 2023-04-18.