Bhí córas monarcach rialtais i réim in Éirinn ón tseanaimsir faoi stiúir na Rítheaghlach Gaelach, ansin le linn na tréimhse fada ina raibh Éire faoi smacht na Ríochta Aontaithe. Sa bhliain 1922, d’fhág an chuid is mó d’Éirinn an Ríocht Aontaithe le bunú Shaorstát Éireann, tiarnas laistigh d’Impireacht na Breataine. D’fhan an chuid eile den oileán, Tuaisceart Éireann, mar chuid den Ríocht Aontaithe. Go foirmiúil, bhí an duine céanna (Seoirse V) i gceannas ar an Saorstát agus ar an Ríocht Aontaithe, a d'athraigh a hainm go Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i 1927. Sa bhliain 1937, an bhliain thar éis bhás Sheoirse V, ghlac an Saorstát le bunreacht nua a d'athraigh ainm an stáit go hÉire (Ireland i mBéarla), agus scriosadh gach tagairt don mhonarc. I mí Aibreáin 1949, fógraíodh gur poblacht í Éire, darb ainm Poblacht na hÉireann, agus d'fhág sí Comhlathas Briotanach na Náisiún. Ó Aibreán 1949, is é Tuaisceart Éireann an t-aon chuid d’oileán na hÉireann a choinnigh an córas monarcach.

Tá go leor daoine atá báúil don chóras monarcach in Éirinn — go háirithe na haontachtóirí i dTuaisceart Éireann, agus fós tá teideal Banríon Éireann ag an banríon Shasanach, Eilís Windsor.