Mykola Azarov
Is polaiteoir Úcránach é Mykola Azarov (Úcráinis: Микола Янович Азаров, cló rómhánach: Mykola Yanovych Azarov), a rugadh faoin ainm Nikolay Yanovich Pakhlo (Rúisis Николай Янович Пахло), ar 17 Nollaig 1947. Ceapadh mar phríomh-aire na tíre é ar 11 Márta 2010. Ball de Pháirtí na Réigiún a bhí ann.
Saol
cuir in eagarI gKaluga na Rúise a saolaíodh Nikolay Yanoviich Pakhlo (fuair sé an sloinne Azarov óna bhean, Ljudmyla Mykolajiwna Asarowa). Ghnóthaigh sé céim ollscoile i Moscó sa bhliain 1971. Thug sé tamall ag obair mar inealtóir agus bainisteoir i mianach guail i dTula, 193 ciliméadar slí ó Mhoscó. Sa bhliain 1976 ghlac sé post in institiúid mhianadóireachta i Moscó.
D'aistrigh sé go dtí an Úcráin sa bhliain 1984, agus ghnóthaigh PhD sa gheolaíocht agus sa mhianreolaíocht sa bhliain 1986. Sa bhliain 1991 ghnóthaigh sé ollúnacht.
Chuaigh sé leis an bpolaitíocht sna 1990í mar bhall de Pháirtí an Lucht Oibre, ar a dtugtar Páirtí na Réigiiún anois. Sa bhliain 1994 toghadh mar bhall den Verkhovna Rada, parlaimint na hÚcráine, é.
Teanga
cuir in eagarÓs rud é nár aistrigh sé chun na hÚcráine go dtí go raibh sé sé bliana is tríocha d'aois, níl Úcráinis mhaith aige. Gheall sé do mhuintir na tíre ar 10 Márta 2010 go n-úsáidfeadh sé féin agus a rialtas an Úcráinis agus é ina phríomh-aire, áfach.[1][2][2]