Néstor Kirchner
Bhí Néstor Kirchner (25 Feabhra 1950 – 27 Deireadh Fómhair 2010) ina iar-Uachtarán ar an Airgintín agus ina dhlíodóir.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Néstor Carlos Kirchner Ostoić 25 Feabhra 1950 Río Gallegos, An Airgintín |
Bás | 27 Deireadh Fómhair 2010 60 bliana d'aois El Calafate, An Airgintín |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Stad cairdiach) |
Áit adhlactha | Mausoleum of Néstor Kirchner (en) |
Secretary General of the Union of South American Nations (en) | |
4 Bealtaine 2010 – 27 Deireadh Fómhair 2010 ← luach ar iarraidh – María Emma Mejía Vélez → | |
Member of the Argentine Chamber of Deputies (en) | |
10 Nollaig 2009 – 27 Deireadh Fómhair 2010 | |
Céad Bhean na hAirgintíne | |
10 Nollaig 2007 – 27 Deireadh Fómhair 2010 – Juliana Awada de Macri → | |
Uachtarán na hAirgintíne | |
25 Bealtaine 2003 – 10 Nollaig 2007 ← Eduardo Duhalde – Cristina Kirchner → | |
Gobharnóir Chúige Santa Cruz | |
10 Nollaig 1991 – 24 Bealtaine 2003 ← Héctor Marcelino García – Héctor Icazuriaga → | |
Intendant (en) Río Gallegos | |
10 Nollaig 1987 – 10 Nollaig 1991 – Alfredo Martínez → | |
Faisnéis phearsanta | |
Grúpa eitneach | Croats in Argentina (en) |
Reiligiún | An Chríostaíocht |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Náisiúnta La Plata - dochtúireacht sa dlí-eolaíocht (1969–1976) La Salle Florida (en) |
Teanga dhúchais | an Spáinnis |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Polaitíocht |
Suíomh oibre | Buenos Aires |
Gairm | dlíodóir, polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Front for Victory (en) (2003–2010) Justicialist Party (en) |
Gluaiseacht | Kirchnerism (en) |
Teangacha | An Spáinnis |
Teaghlach | |
Céile | Cristina Kirchner (1975–2010) |
Páiste | Máximo Kirchner, Florencia Kirchner |
Siblín | Alicia Kirchner |
Croineolaíocht | |
Páipéir Phanama | |
Death and state funeral of Néstor Kirchner (en) | |
Gradam a fuarthas | |
Saol
cuir in eagarAgus é ina neach léinn dlí in Ollscoil Náisiúnta de La Plata, bhuail sé le Cristina Fernández agus phós sé í.
Polaitíocht
cuir in eagarTar éis dó a chéim a bhaint amach, chuir sé comhlacht dlí ar bun sa Phatagóin, a réigiún dúchais (chuaigh a bhean chéile isteach sa chomhlacht sa bhliain 1979.) Cé go raibh sé ag tacú Perón ón am a bhí é ina mhac léinn (agus go raibh sé ceangailte ar feadh tamaill le hantoiscigh den eite chlé sa ghluaiseacht) cuireadh fímíneacht ina leith ní ba dhéanaí, nuair a rinne sé ceann dá thosaíochtaí polaitiúla den fhreagracht as na coireanna a rinneadh faoin deachtóireacht mhíleata a bhí i gcumhacht san Airgintín ó 1976 go 1983, toisc nár tuairiscíodh go ndearna sé faic i gcoinne na deachtóireacht mar dhlíodóir agus toisc go raibh sé ag iarraidh an réimeas agus na peronistas a chur i gcomhghuaillíocht lena chéile.[1]
Nuair a tháinig an daonlathas ar ais, chuaigh Kirchner leis an bpolaitíocht, ar son na peronistas. Bhí sé ina mhéara ar Río Gallegos (1987-91) agus ina ghobharnóir ar Santa Cruz (1991-2003).
Uachtarán
cuir in eagarBhí Kirchner ina Uachtarán ar an Airgintín ó 2002 go dtí 2007.
Le linn dó a bheith ina Uachtarán, chuir sé roinnt breithiúna as oifig, a ceapadh ag rialtais a bhí ann roimhe sin ar fhorais pholaitiúla amháin agus nach raibh meas an phobail orthu. Chuir sé atheagar ar an gcóras le haghaidh na breithiúna a cheapadh, i dtreo na trédhearcachta. Ina theannta sin, cheap sé roinnt breithiúna a bhí réasúnta liobrálach, an chéad bheirt bhan a ceapadh ar an gCúirt Ceartais Uachtarach san áireamh.[1]
Mar sin féin, dúirt lucht cáinte rialtas Kirchner nár thug sé aon aird riamh ar bhreithiúnais nár oir dó ó thaobh na polaitíochta de, in ainneoin an chuma seo ar athchóiriú.
Chomh maith leis sin, bhí Kirchner ag brú go gcuirfí an dlí a chur ar dhaoine a rinne coireanna thar ceann na deachtóireachta míleata; chuir an Chomhdháil dlíthe a chuir bac air sin ar neamhní agus dearbhaigh an Chúirt Ceartais Uachtarach go raibh siad in aghaidh an bhunreachta. Ag an am céanna, shéan sé go raibh na rudaí a rinne treallchogaithe in aghaidh an réimeis inchurtha lena chuid coireanna féin.
Roghnaigh Kirchner gan seasamh i dtoghchán uachtaránachta 2007 ach bhí an-tionchar aige fós le linn na chéad trí bliana a raibh a bhean chéile ina huachtarán. Bhí sé ina Ard-Rúnaí ar Aontas Náisiún Mheiriceá Theas ó Bhealtaine 2010 go dtí go bhfuair sé bás.[1]
Bás
cuir in eagarFuair Néstor Kirchner bás tobann de bharr taom croí ar 27 Deireadh Fómhair 2010.
Bhí Cristina Fernández ina hUachtarán ar an Airgintín, i gcomharbacht Nestor, idir 2007 agus 2015 agus tá sí ina Leas-Uachtarán ar an Airgintín ó Dheireadh Fómhair 2019. Meastar go forleathan gur gur chor cinniúnach é a bhás i seasamh polaitíochta a bhean chéile, i dtreo ní ba thiarnúla agus ní ba phobalaí.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Nestor Kirchner". Dáta rochtana: 2021.