Chuirtear an ainm naffir نفير ar sórt obair comhchoiteann a bhfuil ar fáil i dtuaisceart, oirthear agus iarthar na Súdáine, go háirithe i Kassala, Kordofan, na sléibhte Nuba agus i Darfur. D'fhéadfá an focal "meitheal" a úsáid as Gaeilge leis an míniú céanna. Cuir síos amháin ar naffir, ná gur grúpa é a cuirtear le chéile trí líonraí chlanna agus comharsaí i gcomhair rud áirithe a dhéanamh. Scaipeann an grúpa nuair atá an rud sin déanta (Manger, 1987). Deireann sainmhíniú níos déanaí eile, go dtagainn naffir le chéile ón chomharsanacht nó ceantair chéanna chun obair a dhéanamh, mar shampla, teach a chruthú, nó an fómhar a chur isteach ('Conceptual analysis of volunteer', 2004).

Is dócha go bhfuil gaol idir naffir agus an focal "nafr" نفر in san Araibis caighdeánach a chuireann in iúl grúpa tagaithe le chéile chun troid a chaitheamh. San Araibis caighdeánach ba é naffīr āmm (نفير عام) glaoch chun troda (Wehr, 1980). Úsáidtear an focal naffir san tslí seo san tSúdáin freisin. Mar shampla, úsáidtear é sna Sléibhte Nuba go luath sna 1990idí nuair a chuirtear ainm an-Naffīr ash-Sha'abī (nó Mílísta Daonra) ar grúpaí airmithe a bhí ag cur scrios ar an cheantair (Kevlihan, 2005).

Is trumpa é naffir chomh maith in Araibís. Fadó do ghlac na Spáinnaigh leis an ainm seo i bhfoirm "an-naffir" agus dár ndóigh, athraítear é go "anafil" (Trompet.nl, 2005)


Leabhareolas cuir in eagar

As Béarla

  • Leif O. Manger, 1987, "Introduction" in Leif O. Manger (ed.) Communal Labour in the Sudan, University of Bergen, p7.
  • Hans Wehr, 1980, A Dictionary of Modern Written Arabic, Arabic - English, J.Milton Cowan (ed.), 3rd Edition, Beirut: Librarie Du Liban.

Lúbaí cuir in eagar

As Béarla

In Ollannais

  • www.Trompet.nl [1] - B