Natsuo Kirino

scríbhneoir Seapánach

Natsuo Kirino (桐野 夏生 - Kirino Natsuo) á úsáid mar ainm cleite ag Mariko Hashioka (r. 7 Deireadh Fómhair 1951 in Kanazawa i Maoracht Ishikawa),[1] úrscéalaí Seapánach ar cuid suntais í sa slua scríbhneoirí mná atá ag scríobh scéalta bleachtaireachta sa tSeapáin.[2]

Infotaula de personaNatsuo Kirino
Ainm sa teanga dhúchais(ja) 桐野夏生
Beathaisnéis
Breith7 Deireadh Fómhair 1951
72 bliana d'aois
Kanazawa, An tSeapáin Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Seikei Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmúrscéalaí, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1984 –
SeánraÚrscéal
TeangachaAn tSeapáinis
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinkirino-natsuo.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1195132 Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha cuir in eagar

Bhí Kirino ina cónaí ina lán cathracha sular chuir sí fúthu i dTóiceo, mar a bhfuil sí fós. Phós sí sa bhliain 1975 agus rugadh a hiníon sa bhliain 1981.[2][3]

Bhain sí céim sa dlí amach in Ollscoil Seikei sa bhliain 1974.[2] Is iomaí post a bhí aici sular shocraigh sí ina tríochaidí ar dhul le scríbhneoireacht,[4] agus níor tháinig aoibh na léitheoirí uirthi go dtí go raibh sí ina daichidí.[5]

Scríbhneoireacht cuir in eagar

Chuaigh Kirino i mbun oibre mar scríbhneoir sa bhliain 1984 agus í ag scríobh úrscéalta rómánsacha. Ach ní mór an glaoch a bhí ar a leithéidí agus go luath sna 1990í ghéill sí don fhonn a bhí uirthi scéinséirí a scríobh agus iniúchadh a dhéanamh ar aigne an choirpigh.[6] Tá mórán úrscéalta scríofa aici anois agus a lán cnuasach gearrscéalta, agus tá sí ar na húdair is mó a bhfuil tóir orthu sa tSeapáin.[7]

Chuirfeadh a saothar scéalta Meiriceánacha faoi bhleachtairí crua i gcuimhne duit, ach is iomaí dearcadh agus insint atá ann agus gan aon saininsint údarásach le fáil chun an léitheoir a threorú.[2]. Murab ionann is an chuid is mó de scéalta faoi bhleachtairí crua-intinneacha, is minic atá príomhcharachtar mná in úrscéalta Kirino, de shaghas an bhleachtaire Miro Murano, bean a chuireann cor san ghnáthinsint agus í ina laoch agus ina híospartach araon.[8]

Is minic an t-uaigneas le fáil ina saothar, agus é á chur in iúl freisin go bhfuil saol na Seapáine truaillithe ag an maoin, go háirithe i gcúrsaí teaghlaigh agus grá.[2]

Is iondúil go dtugtar cuntas ina leabhair ar mhná a dhéanann gníomhartha uafáis, i dtreo go bhféadfaí a saothar a mheas mar “fheimineachas noir”. Tá craiceann na fírinne ar a scéalta agus is féidir leis an léitheoir fíorthuiscint a fháil ar aigne na mban dá bharr.[5]

Leabhair faoin mBleachtaire Miro Murano cuir in eagar

  • Úrscéalta
    • Kao ni furikakaru ame (Tóiceo: Kodansha, 1993)
    • Tenshi ni misuterareta yoru (Tóiceo: Kodansha, 1994)
    • Mizu no nemuri hai no yume (Tóiceo: Bungei Shunju, 1998)
    • Dāku (Tóiceo: Kodansha: 2002)
  • Cnuasach gearrscéalta
    • Rōzu gāden (Tóiceo: Kodansha, 2000)

Fireball Blues cuir in eagar

  • Faiabōru burūsu (Tóiceo: Shueisha, 1995)
  • Faiabōru burūsu 2 (Tóiceo: Bungei Shunju, 2001)

Úrscéalta eile cuir in eagar

  • Auto (Tóiceo: Kodansha, 1997); aistrithe go Béarla ag Stephen Snyder mar Out (Nua-Eabhrac: Kodansha, 2003; Nua-Eabhrac: Vintage, 2005)
  • Yawarakana hoho (Tóiceo: Kodansha, 1999);
  • Kogen (Tóiceo: Bungei Shunju, 2000)
  • Gyokuran (Tóiceo: Asahi Shinbunsha, 2001)
  • Riaru warudo (Tóiceo: Shueisha, 2003); aistrithe go Béarla ag J. Philip Gabriel mar Real World]] (Nua-Eabhrac: Alfred A. Knopf, 2008)
  • Gurotesuku (Tóiceo: Bungei Shunju, 2003); aistrithe go Béarla ag Rebecca L. Copeland mar Grotesque (Nua-Eabhrac: Knopf, 2007)
  • Zangyakuki (Tóiceo: Shinchosha, 2004)
  • Aimu sōrī mama (Tóiceo: Shueisha, 2004)
  • Tamamoe! (Tóiceo: Mainichi Shinbunsha, 2005)
  • Bōken no kuni (Tóiceo: Shinchosha, 2005)
  • Metabora (Tóiceo: Asahi Shinbunsha, 2007)
  • Tōkyō-jima (Tóiceo: Shinchosha, 2008)
  • Joshinki (Tóiceo: Kadokawa Shoten, 2008); aistrithe go Béarla ag Rebecca L. Copeland mar The Goddess Chronicle (Dún Éideann: Canongate Books, 2013)
  • In (Tóiceo: Shueisha, 2009)
  • Nanika aru (Tóiceo: Shinchosha, 2010)
  • Yasashii Otona (Tóiceo: Chuokoron-Shinsha, 2010)
  • Poritikon (Tóiceo: Bungei Shunju, 2011)
  • Midori no doku (Tóiceo: Kadokawa Shoten, 2011)
  • Hapinesu (Tóiceo: Kōbunsha, 2013)

Cnuasacha gearrscéalta cuir in eagar

  • Sabiru kokoro (Tóiceo: Bungei Shunju, 1997)
  • Jiorama (Tóiceo: Shinchosha, 1998)
  • Ambosu mundosu (Tóiceo: Bungei Shunju, 2005)

Nótaí cuir in eagar

  1. Scalise, Paul: http://www.japanreview.net/interview_Natsuo_Kirino.htm: JapanReview.Net, Summer 2003: https://web.archive.org/web/20130220125455/http://japanreview.net/interview_Natsuo_Kirino.htm: dáta cartlainne 20 Feabhra 2013
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Lutz, R.C. (2008). "Critical Survey of Mystery & Detective Fiction". Pasadena, CA: Salem Press. 
  3. http://www.kirino-natsuo.com/eng/: Bubblonia: Natsuo Kirino
  4. Nagai, Mariko (2008). "An Interview with Natsuo Kirino". Chattahoochee Review 28 (1): 98–119. 
  5. 5.0 5.1 Davis, J. Madison (January–February 2010). "Unimaginable Things: The Feminist Noir of Natsuo Kirino". World Literature Today 84 (1): 9–11. 
  6. Duncan, Andrew: Natsuo Kirino Interview: http://www.indiebound.org/author-interviews/kirinonatsuo:
  7. Seaman, Amanda C. (2006). "Inside OUT: Space, Gender, and Power in Kirino Natsuo". Japanese Language and Literature 40 (2): 197–217. doi:10.2307/30198010. JSTOR 30198010. 
  8. Copeland, Rebecca (2004). "Woman Uncovered: Pornography and Power in the Detective Fiction of Kirino Natsuo". Japan Forum 16 (2): 249–69. doi:10.1080/0955580042000222673. 

Naisc sheachtracha cuir in eagar