Monasaíocht fealsúnach is ea an neamhábharachas (immaterialismidéalachas suibiachtúil, nó subjective idealism i mBéarla). Is é an smaoineamh atá i gceist ná "Níl ábhar i rud muna gceapann muid go bhfuil".[1]

George Berkeley le John Smybert, 1727 (Smithonian National Portrait Gallery)

Ba ea an fealsúnaí George Berkeley a chum an teoiric. Bhí Berkeley i gcoinne an ábharachais, teoiric san fhaisean ag an am sin. De réir Matt Hussey, "bhí a fhealsúnacht idéalaíoch bunaithe ar an nath gurb ionann a bheith agus a bheith braite, agus mar sin nach ann do thoilleadh an domhain ábhartha (an t-idéal) go mbraitheann intinn duine é (an t-eimpíreach)".[2]

A Treatise Concerning the Principles of Human Knowledge, 1710

B'fhuar an fháilte a cuireadh roimh smaointe Berkeley ar dtús. Bhí sé ina cheap magaidh ag an am fiú.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. An Croiait. "George Berkeley" (ga-IE). ancroiait. Dáta rochtana: 2024-01-14.
  2. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)