Ned Maddrell
Ba é Edward "Ned" Maddrell (1877 – 27 Nollaig 1974) cainteoir dúchais deireanach Ghaeilge Mhanann. B'iascaire ó Oileán Mhanann é agus tar éis do Sage Kinvig (ca. 1870-1962) bás a fháil, bhí sé ar an aon duine ar marthain a raibh Manainnis ón gcliabhán aige. Bhí cainteoirí eile Manainnise ann ag an am, áfach, a d'fhoghlaim an teanga mar dhara teanga nuair a tháinig siad i méadaíocht.
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 20 Lúnasa 1877 Creneash, Oileán Mhanann ![]() |
Bás | 27 Nollaig 1974 97 bliana d'aois Dúglas, Oileán Mhanann ![]() |
Teanga dhúchais | Gaeilge Mhanann |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iascaire ![]() |
Teangacha | An Béarla agus Gaeilge Mhanann |
Rinneadh taifeadtaí de Maddrell ag caint as Manainnis; mar shampla sa bhliain 1948 thaifead sé an scéilín seo a leanas i dtaobh iascaireachta (i nGaeilge Mhanann, le "haistriúchán" i nGaeilge na hÉireann):
- Dooyrt "Ballooilley" rish:
- Dúirt "Ballooilley" leis:
- "Vel ny partanyn snaue, Joe?"
- "An bhfuil na portáin ag snámh, a Joe?"
- "Cha nel monney, cha nel monney," dooyrt Joe. "T'ad feer ghoan."
- "Níl mórán, níl mórán," a dúirt Joe. "Tá siad fíorghann."[1]
Murab ionann agus roinnt cainteoirí dúchais eile, thaitin sé le Maddrell go raibh cáil air mar dhuine de chainteoirí deireanacha na teanga. Bhí sé sásta an teanga a mhúineadh d'athbheochantóirí óga na Manainnise — Leslie Quirk agus Brian Stowell ina measc. Nuair a bhí sé ina Thaoiseach ag tabhairt cuairte ar Oileán Mhanann, chuaigh Éamon de Valera féin ar cuairt chuig Maddrell. Bhí sé i bhfeirg le rialtas Mhanann agus le rialtas na Ríochta Aontaithe mar gheall ar a bhfaillí i leith na Manainnise. Chuir sé foireann ó Choimisiún Béaloideasa Éireann go hOileán Mhanann lena raibh fágtha den teanga agus dá béalaoideas a thaifeadadh agus a chaomhnú ar bhealach éigin.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Manx Language Samples (with audio): "Are the Crabs Crawling?" (en)