Nimona (scannán)
Is scannán beochana Meiriceánach é Nimona de chuid Annapurna Pictures ón bhliain 2023. Tá sé bunaithe ar an úrscéal grafach Nimona [1]a scríobh ND Stevenson in 2015. Scannán scigaithris is ea é, ag déanamh ceap magaidh ar scannáin shíscéal eile, agus téamaí LADT chun tosaigh.
Buneolas | |
---|---|
Stiúrthóir | Nick Bruno (en) agus Troy Quane (en) |
Léiriú | Roy Lee |
Script | Robert L. Baird (en) , Lloyd Taylor (en) , Troy Quane (en) , Pamela Ribon, Keith Bunin (en) , Marc Haimes agus Nick Bruno (en) |
Ceol | Theodore Shapiro |
Comhlacht léiriúcháin | Annapurna Animation (en) , Annapurna Pictures, Blue Sky Studios, Double Negative (en) agus 20th Century Animation |
Dáileoir | Netflix |
Mionsonraí | |
Tír bhunaidh | Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Ríocht Aontaithe |
Céadléiriú | 14 Iúil 2023 |
Fad ama | 102 min |
Bunteanga | Béarla |
Dath | daite |
Formáid | 2.35:1 |
Cur síos | |
Bunaithe ar | Nimona (en) |
Seánra | scannán grinn, scannán fantaisíochta, scannán don teaghlach go léir, scannán eachtraíochta, scannán aicsin agus scannán bainteach le cúrsaí LADT |
Rátáil MPAA | PG |
Taispeánann sé/sí | LGBT protagonist (en) |
Suíomh gréasáin oifigiúil | netflix.com… |
Eisíodh an scannán Nimona ar 30 Meitheamh 2023 ar Netflix.
Léiriú cuir in eagar
Thosaigh carachtar Nimona a saol ar Tumblr, cruthaithe ag an ealaíontóir ND Stevenson. Ansin d’iompaigh sí isteach i ngreamán seachtainiúil ar líne, agus d’iompaigh sin isteach ina úrscéal grafach agus ansin isteach ina closleabhar. Agus anois, tá sí le fáil i bpictiúrlanna agus ar Netflix mar scannán iomlán, théis gur thug Disney uathu na cearta mar – dar le tuairisc ó Business Insider – nach raibh siad cinnte faoi na téamaí aeracha agus trasghnéasacha sa scannán. [2]
Scéal cuir in eagar
Leanann an scéal Ballister Braveheart (Riz Ahmed) ridire i ndomhan todhchaíoch agus é scoite amach ón tsochaí mar gheall ar choir nach ndearna sé. Buaileann sé le Nimona (Chloe Grace Moretz) agus í ag lorg duine éigin le bheith mar bhas bithiúnta aici. Ach tá Nimona difriúil ó aon duine eile sa domhan seo, mar go bhfuil cumhachtaí ar leith aici.[2]
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ "Nimona" (as en) (2023-07-09). Wikipedia.
- ↑ 2.0 2.1 Eoin Ó Dubhghaill (2023-07-05). "Cén chaoi nach bhféadfá titim i ngrá le 'Nimona'?" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-07-15.