Nioclás Tóibín (amhránaí)

amhránaí Éireannach

Amhránaí sean-nóis ab ea Nioclás Tóibín a saolaíodh i mBaile an Raghallaigh, Gaeltacht na Rinne, Contae Phort Láirge ar an 5 Feabhra, 1928 agus a fuair bás ar an 19 Meán Fómhair, 1994.[1] Nuair a bhí sé ina fhear óg b'éigean dó aghaidh a thabhairt ar an mBreatain Mhór ar thóir oibre, ach i ndiaidh filleadh abhaile dó sa bhliain 1960 chuaigh sé le ceoltóireacht agus le hamhránaíocht mar shlí bheatha. Bhí sé ina veidhleadóir freisin.

Infotaula de personaNioclás Tóibín

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Feabhra 1928
Baile Uí Raghallaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Meán Fómhair 1994
66 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann
TeangachaAn Ghaeilge
UirlisCeol gutha

Ba iad na múinteoirí i mBunscoil na Rinne, Pilib Ó Foghludha agus Úna Parks, a mhúscail suim Niocláis óig sa cheol. Uncail dó ab ea an scríbhneoir Nioclás Tóibín, agus ba mhinic a chanadh sé na ceolta céanna a foilsíodh sa Duanaire Déiseach, leabhar iarbháis leis an uncail.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar