Is éard is nirbheána (Sanscrait: निर्वाण nirvāṇa; Páilis: निब्बान nibbāna; Prakrit: णिव्वाण ṇivvāṇa) ann ná an staid spioradálta atá mar aidhm ag an mBúdachas. An té a bhaineann nirbheána amach, tá sé saor ó gach fulaingt agus drochrún, agus ní chuireann sé dúil in aon rud a thuilleadh, mar is ó dhúile a thagann fulaingt agus míshuaimhneas, dar leis an mBúdachas.