Nollaig Ní Laoire

amhránaí Éireannach

Tá clú ar Nollaig Ní Laoire mar amhránaí ar an sean-nós.

Infotaula de personaNollaig Ní Laoire
Beathaisnéis
Breith1989
34/35 bliana d'aois
Ráth Cairn, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir, amhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Beathaisnéis cuir in eagar

 

Is as Dún Doire í Nollaig Ní Laoire, atá gar go leor do Ráth Chairn i gContae na Mí[1]. Tá an ceol ó dhúchas inti ó Ghaeltacht na Mí, agus is minic a chloistear í ag casadh ag féilte agus ag imeachtaí timpeall na tíre.

Tá Nollaig Ní Laoire ag múineadh i nGaelscoil na Cille i gCill Dhéagláin.

Amhránaí cuir in eagar

Buaiteoir Chorn Uí Riada i 2010 ba í.[2][3] Ba í Nollaig Ní Laoire an duine is óige riamh a bhuaigh Corn Uí Riada, is ba í an chéad duine riamh as Contae na Mí a bhuaigh an corn.

Rinneadh roinnt clár a raibh páirt aici iontu (ar TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta) agus í ag casadh amhrán ar an Sean-nós (amhránaíocht). Bhí Nollaig Ní Laoire ina haoi-amhránaí ar Amhráin is Ansa Liom ar TG4 i 2011 is í ag cur síos ar na hamhráin is fearr léi, ar an stíl cheoil is ansa léi agus ar fhoinse na n-amhrán atá aici.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "www.ilrweb.ie". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-04. Dáta rochtana: 2012-01-20.
  2. Fís Nuacht24.com- Nollaig Ní Laoire is í ar ais i Ráth Cairn an oíche tar éis di an duais mhór a bhuachan ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne.
  3. Chas Nollaig Ní Laoire an t-amhrán cáiliúil, ‘Dónall Óg’, ar dtús, agus, ansin, chas sí ‘Béal Átha na hAbhann’, dar le www.ilrweb.ie Curtha i gcartlann 2016-03-04 ar an Wayback Machine.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc Sheachtracha cuir in eagar