Is í Astana príomhchathair na Casacstáine. Cathair nua is ea í, nó ní dhearnadh príomhchathair di ach sa bhliain 1997. B'í Almaty, cathair mhór atá suite in oirthuaisceart na tíre, a bhí ina príomhchathair ar an tír go nuige sin.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAstana
Астана (kk) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómóspríomhchathair Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 51°08′N 71°26′E / 51.13°N 71.43°E / 51.13; 71.43
Stát ceannasachan Chasacstáin Cuir in eagar ar Wikidata
Iamhchríoch laistigh deAkmola Region (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
an Chasacstáin (1997–) Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán1,078,362 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,352.47 hab./km²
Teanga oifigiúilan Chasaicis
an Rúisis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla797.33 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Ishim Cuir in eagar ar Wikidata
Airde347 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Bunaitheoir(í)Fyodor Shubin Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1830
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtaisZhenis Kassymbek (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist010015 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód7172 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód ISO 3166-2KZ-71 agus KZ-AST Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáingov.kz… Cuir in eagar ar Wikidata

Ainm cuir in eagar

Aqmola a bhí ar an áit sular aistríodh feidhmeanna na príomhchathrach ansin, ainm a chiallaíonn "An Tuama Bán" i dteanga oifigiúil na Casacstáine, an Chasaicis. Ainmneacha eile a bhí ar Nur-Sultan sna laethanta a bhí is ea iad Akmolinsk (leagan d'Aqmola atá curtha in oiriúint do nósanna logainmníochta na Rúisise) agus Tselinograd. Tá an dara hainm bunaithe ar an bhfocal Rúisise úd tselina, a chiallaíonn "branar", "talamh nua-threafa", "talamh atá á thabhairt chun míntíreachais". Níl san ainm "Astana", an t-ainm a bhí ar an gcathair le blianta beaga anuas, ach focal Casaicise a chiallaíonn "príomhchathair", agus tugadh an t-ainm seo ar an áit toisc go bhfuil sé furasta le fuaimniú ag na strainséirí féin. Athraíodh "Astana" go "Nur-Sultan" i mí na Márta, 2019, agus ar ais go "Astana" sa bhliain 2022.