Oibríochtaí faireachais de chuid na SPTÉ ar iriseoirí i dTuaisceart Éireann

Bhí an SPTÉ (Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann) i mbun faireachais ar scata iriseoirí, go seasta, ó 2007 ar aghaidh, nó Oibríochtaí faireachais de chuid na SPTÉ ar iriseoirí i dTuaisceart Éireann.[1][2] Is é míniú na SPTÉ gur ‘iriseoir mioscaiseach is ea tuairisceoir a bhíonn go síoraí sa tóir ar scéalta‘. Ba iad na scéalta atá ‘mí-áisiúil do na póilíní’ na cinn ba mhaith leo a chosc.[3][4][5]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtOibríochtaí faireachais de chuid na SPTÉ ar iriseoirí i dTuaisceart Éireann
Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann i mBéal Feirste, 2013

Tháinig an scannal chun solais i ndiaidh líomhaintí cúirte go ndearnadh monatóireacht mhídhleathach ar ghutháin de chuid roinnt tuairisceoirí.[6] Tugadh fianaise i mí na Bealtaine 2024 ag cúirt i Londain, an Binse Cumhachtaí Iniúchta (BCI)[7][8] (a éisteann gearáin faoi mhí-iompar na seirbhísí faisnéise).[9] Ó thosaigh an BCI ag fiosrú na caingne, tá fianaise faighte aige go raibh an SPTÉ ag spiaireacht ar iriseoirí go leor, go rialta. Nochtadh i mbeart 600 leathanach de thaifid a cuireadh ar fáil don mbinse in 2024 go raibh ochtar iriseoirí á bhfaire, a mbillí teileafóin á scrúdú féachaint cé na huimhreacha a raibh siad i dteagmháil leo. Agus bhí go leor eile ar bhunachar, ní haon ionadh é go bhfuil amhras coitianta gur rud é an faireachas ar iriseoirí a bhí go smior sa chóras.

Cuireadh tús leis an tseiceáil sin mar ‘scéim chosanta’ don SPTÉ in 2007.[10]

Dar le tuairisc déanta ag SPTÉ i mí an Mheithimh 2024, bhí breis is 320 iarratas déanta acu ar rochtain ar shonraí cumarsáide iriseoirí idir 2010-2013. Ar 10 gcinn de na hócáidí seo, bhain sé le hiarracht a dhéanamh ar a gcuid foinsí a aithint trí mhodhanna rúnda. Dúirt an SPTÉ gur minic a bhí sonraí á lorg acu nuair a bhí na hiriseoirí ina n-íospartaigh, ina n-amhrastaigh nó ina bhfiannéithe. Dúradh sa tuarascáil fosta go ndearnadh 500 iarratas ar shonraí a bhain le dlíodóirí le linn na tréimhse céanna. Dúradh sa tuarascáil go raibh na hócáidí ina ndearnadh iarracht foinse iriseora a aithint bainteach le himscrúduithe ar “nochtadh neamhúdaraithe” fhaisnéis nó dhoiciméid na SPTÉ . Dúirt an SPTÉ go ndéanann sé thart ar 8,500 iarratas sonraí cumarsáide gach bliain.

D'iarr Amnesty International agus Aontas Náisiúnta na nIriseoirí go ndéanfaí fiosrúchán ar ghníomhaíocht faireachais póilíneachta.

I mí an Mheithimh 2024, i ráiteas, dúirt an Bord Póilíneachta nár thug an Tuarascáil de chuid na SPTÉ “gach ráthaíocht a bhí de dhíth ar dhaoine”. d’fhógair an Príomh-Chonstábla Jon Boutcher go ndéanfaidh dlíodóir, Angus McCullough KC, athbhreithniú ar chúrsaí faireachais.[6]

O'Toole's Pub, The Heights, Loughinisland, 2009

Sléacht Loch an Oileáin

cuir in eagar

Bhí cás na n-iriseoirí Barry McCaffrey agus Trevor Birney curtha faoi bhráid an bhinse in 2024.[10]

Sa bhliain 2013, bhí Barry McCaffrey i mbun fiosruithe ar Shléacht Loch an Oileáin (i 1994) don suíomh idirlín The Detail, seirbhís a bhfuil ardmheas uirthi. In ionad déileáil leis an gceist ar an ngnáthbhealach, mar a dhéantar leis na scórtha glaonna gach lá, chinn bleachtairí an SPTÉ nár mhór a fháil amach céard a bhí ar eolas ag an gceistitheoir. Glactar leis go raibh siad ag iarraidh eolas a aimsiú faoina chuid foinsí. Chuige sin rinneadh scrúdú nó ‘monatóireacht’ faoi rún ar ghuthán McCaffrey.[11]

Baineann gearán na beirte roimh an mBCI leis an gcaoi ar caitheadh leo i ndiaidh a scannáin "No Stone Unturned"[12][13] faoi chlaonpháirteachas agus fiosrú easnamhach ar Shléacht Loch an Oileáin i 1994, scannán a tháinig amach in 2017. Rinneadh é faoin Acht um Rialáil na gCumhachtaí Imscrúdaithe, 2000. D’admhaigh rialtas na Breataine in 2022 gur sháraigh Acht 2000 an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

An bhliain dár gcionn in 2018 rinne póilíní ruathar ar thithe Barry McCaffrey agus Trevor Birney agus oifig an chomhlacht léirithe Fine Point Films a rinne an scannán.

. Ba iad na hiriseoirí seachas na hamhrastaigh dhílseacha a gabhadh. Tógadh a ríomhairí agus gutháin agus b’éigean éirí as cás cúirte ina gcoinne mar nár bhris siad aon dlí: cleas spiaireachta ab ea an t-iomlán ag iarraidh a fháil amach cérbh iad a gcuid foinsí.[10]

In 2020, d’íoc an SPTÉ cúiteamh £875,000 le McCaffrey, Birney agus an comhlacht léirithe agus ghabh an Príomhchonstábla, Simon Byrne, leithscéal gan choinníoll leis an mbeirt iriseoirí. Ansin rinne na hiriseoirí gearán leis an mBCI faoi mhí-úsáid a bheith bainte as a gcuid comhad.[11]

Iarmhairtí

cuir in eagar

Údar mór imní d’iriseoirí é an SPTÉ a bheith ag dul ag tóraíocht i sonraí atá príobháideach, go háirithe nuair atá rúndacht geallta d’fhoinsí.[11]

Ní coir í an iriseoireacht, fiú iriseoireacht iniúchta.[11] Smál ar an SPTÉ is ea an faireachas ar iriseoirí a chothaíonn mímhuinín sa phóilíneacht úrnua a bhí in ainm is a bheith níos iontaofa ná an RUC.[10][14]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Béarla: Scandal of PSNI (Police Service of Northern Ireland) spying and surveillance operations on journalists
  2. "Northern Ireland: 'Chilling' evidence of police routinely spying on 'trouble-making' journalists" (en). www.amnesty.org.uk. Dáta rochtana: 2024-05-15.
  3. Haroon Siddique, Haroon Siddique Legal affairs correspondent (2024-05-08). "Northern Ireland police spied on investigative journalists, tribunal told" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-05-15.
  4. Jonathan McCambridge (2024-05-15). "Claims PSNI spied on journalists ‘undermining confidence in policing’" (en). The Independent. Dáta rochtana: 2024-05-15.
  5. NUJ. "NUJ backs Northern Ireland Policing Board request for urgent meeting with PSNI Chief Constable". www.nuj.org.uk. Dáta rochtana: 2024-05-15.
  6. 6.0 6.1 Conradh na Gaeilge, Londain (15 Meitheamh 2024). "‎Nuacht Mhall: 8 Meitheamh 2024 (An Dún) on Apple Podcasts" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-06-22.
  7. Béarla: Investigatory Powers Tribunal nó an IPT (uaireanta "Investigative")
  8. "Investigatory Powers Tribunal" (as en) (2024-03-31). Wikipedia. 
  9. William Horsley (2024-05-03). "Four major threats to press freedom in the UK" (en-US). The Conversation. Dáta rochtana: 2024-05-15.
  10. 10.0 10.1 10.2 10.3 Póilín Ní Chiaráin (15 Bealtaine 2024). "Sainmhíniú an PSNI ar ‘iriseoir mioscaiseach‘? Tuairisceoir a bhíonn go síoraí sa tóir ar scéalta…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-15.
  11. 11.0 11.1 11.2 11.3 Póilín Ní Chiaráin (26 Iúil 2023). "Cathain a aithneoidh an PSNI nach coir í an iriseoireacht iniúchta?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-15.
  12. Alex Gibney (2017). "No stone unturned" (en). ar Vimeo. Dáta rochtana: 2020-06-18.
  13. IMDB (2017). "No Stone Unturned". 
  14. "PSNI to provide report on extent of snooping on journalists and lawyers, Policing Board confirms" (en). The Irish News (2024-05-15). Dáta rochtana: 2024-05-15.