Is éard atá i gceist le oiriúnú ná a bheith i gcomhréir le rud, nó a bheith ag teacht le rud,[2][3] mar shampla, cloí le traidisiúin na háite, déanamh de réir an dlí, leanúint don fhaisean, nó gníomh comhalta (gabh le lucht creidimh srl).[4][5]

Glas - indibhidiúlachas[1]; Oráiste/dearg - comhsheilbheachas
9 Samhain 1971ː Cuireadh tarra agus cleití ar Martha Doherty, 19 bliain d’aois, i nDoire. Coir: thit sí i ngrá le saighdiúir. Bhí siad ar tí pósadh

Go minic, bíonn brú sóisialta ar daoine a bheith ar nós gach duine eile sa tsochaí; tugtar 'oiriúnú cultúir' ar sin b'fhéidir. Sa pholaitíocht, níos minice ná a mhalairt, tá nós ann géilleadh do ghnásanna an mhóraimh. Éilíonn na faisistigh agus na cumannaigh fiú go mbíonn gach duine ag cloí leis an idé-eolaíocht chéanna. Ní glacann siad go bhfuil daoine ann a mbíonn a mbealach féin acu.

Tharla borradh an indibhidiúlachais san Iarthar sa 20ú haois, ach tá an comhsheilbheachas láidir fós san Áise.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Beugelsdijk, S., & Welzel, C. (2018). Dimensions and dynamics of national culture: Synthesizing Hofstede with Inglehart. Journal of Cross-Cultural Psychology, 49(10), 1469-1505.
  2. "English–Irish Dictionary (de Bhaldraithe): conform" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2021-11-09.
  3. "conformity - Translation to Irish Gaelic with audio pronunciation of translations for conformity by New English-Irish Dictionary". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2021-11-09.
  4. gaois.ie. "'oiriúint shóisialta' — Téarmaíocht / Téarmaíocht IATE". Grúpa taighde Gaois. Dáta rochtana: 2021-11-09.
  5. ""comhfhoirmeacht shóisialta"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-11-09.