Oleksiy Torokhtiy

tógálaí meáchain Oilimpeach

Is tógálaí meáchan as an Úcráin é Oleksiy Pavlovych Torokhtiy (Úcráinis: Олексій Павлович Торохтій; rugadh 22 Bealtaine 1986 i Zougres). Ghlac sé páirt sna Cluichí Oilimpeacha dhá uair agus bhuaigh sé bonn óir i Londain 2012 ach, dícháilíodh é toisc gur sháraigh sé riail frithdhópála. Is comhalta é de Choiste Feidhmiúcháin Chónaidhm Tógála Meáchan na hEorpa é Oleksiy agus tá sé ina Leaschathaoirleach ar Choimisiún Lúthchleasaithe an Choiste Náisiúnta Oilimpigh san Úcráin. Is é Leas-Uachtarán Chónaidhm Tógála Meáchan na hÚcráine chomh maith. Faoi láthair, reáchtálann sé seimineáir agus ardranganna tógála meáchan timpeall an domhain. Is cruthaitheoir agus údar é Oleksiy de shraith clár traenála agus de chláir cothaithe atá ar fáil ar líne ar a dtugtar TorWod.

Infotaula de personaOleksiy Torokhtiy

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith22 Bealtaine 1986
37 bliana d'aois
Zuhres, An Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síNational Aerospace University – Kharkiv Aviation Institute (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Meáchan104 kg
Airde181 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmweightlifter (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tír spóirtan Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtweightlifting (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhchóitseálaíMikhaïl Matsiokha (fr) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
2012Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2012
2008Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2008 Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáintorokhtiy.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: Torokhtiyo Twitter: torohtiyo Instagram: torokhtiy Youtube: UCg2cg7VUte3kMKs1xypX-fQ Cuir in eagar ar Wikidata

Beathaisnéis cuir in eagar

In 2003, bhain sé céim sa chorpoideachas amach ó Ardscoil Réigiúnach na Corpfhorbartha. Ansin, d’fhreastail sé ar an Institiúid Eitlíochta in Kharkiv agus in 2010 deimhníodh é mar innealtóir. In 2014, bhain sé céim eile amach agus bhí sé cáilithe ansin mar shainoiliúnóir spóirt. In 2016 bhunaigh sé an branda idirnáisiúnta ‘Warm Body Cold Mind’, a thairgeann éadaí spóirt agus oiriúintí spóirt. D’éirigh an mana seo clúiteach nuair a caitheadh é ar t-léine ag imreoir daorchluiche Meiriceánach, Bryce Harper, ina chéad ráiteas os comhair na meán in Florida. Tugadh é seo faoi deara sna meáin Mheiriceánacha, cé nár thuig siad i gceart an chiall a bhain leis.

Saol Pearsanta cuir in eagar

Tá Oleksiy pósta le Daria agus is múinteoir ceoil í. Tá mac acu darb ainm Myron, a rugadh in 2015.

Gairmréim Spóirt cuir in eagar

Thosaigh Oleksiy ag tógáil meáchan sa bhliain 2000. Ghlac sé ballraíocht i bhFoireann Náisiúnta Tógála Meáchan Oilimpí na hÚcráine in 2005. Chuaigh sé san iomaíocht in 2006 i gCraobhchomórtais Shóisearacha na hEorpa inar bhuaigh sé bonn cré-umha. In 2008, ghlac Oleksiy páirt sna Cluichí Oilimpeacha i mBéising agus tháinig sé sa naoú háit san aicme meáchain 105kg. Tar éis na gCluichí, ní raibh sé in ann dul i mbun iomaíochta ar feadh cúig mhí mar gheall ar easpa tacaíocht airgeadais. Fuair sé urraíocht arís ansin agus lean sé ar aghaidh mar thógálaí gairmiúil.

Bronnadh bonn airgid air in 2009 i gCraobhchomórtais na hEorpa i mBúcairist. Ba é 405kg é an t-iomlán a bhí aige. In 2011, bhuaigh sé bonn cré-umha i gCraobhchomórtas an Domhain i bPáras. Ar an 6 Lúnasa 2012, bhuaigh Oleksiy bonn óir arís sna Cluichí Oilimpeacha i Londain. Bhain sé amach an chéad áit san aicme meáchain 105kg agus bá é 412kg é an t-iomlán a bhí aige ar an mbabhta seo. De bharr chlár athanailíse an Choiste Idirnáisiúnta Oilimpigh maidir leis na Cluichí 2012 i Londain, fógraíodh ar an 22 Nollaig 2018 go raibh toradh deimhneach ag Oleksiy i dtástáil le haghaidh drugaí a chuireann leis an bhfeidhmiú. Dheimhnigh an Coiste i mí na Nollag 2019, gur dícháilíodh Oleksiy dá bharr seo.

Ón 30 Aibreán 2020 amach, bhí tástálacha deimhnithe le haghaidh substaintí coiscthe ag 43 thógálaí maidir leis na Cluichí i Londain in 2012. Bhí boinn ag 22 acu agus bhí deich gcinn de na boinn caillte seo le fáil le hoidhreacht ag tógálaithe a raibh torthaí dearfacha le haghaidh substaintí coiscthe acu freisin.

Tagairtí cuir in eagar