Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
Is ollscoil í Ollscoil na hÉireann, Má Nuad agus í suite i Maigh Nuad. Ceann de na ceithre chomh-ollscoil í ar comhchodanna iad de chóras cónaidhmeach Ollscoil na hÉireann.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | ollscoil |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1997 |
Gníomhaíocht | |
Ball de | Cumann Eorpach na nOllscoileanna ORCID |
Líon scoláirí | 12,100 |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Máthaireagraíocht | Ollscoil na hÉireann |
Fochomhlacht | |
Táscaire eacnamaíoch | |
Ioncam iomlán | 193 M€ (2020) |
Suíomh gréasáin | maynoothuniversity.ie |
Cuireadh tús leis an ollscoil seo sa bhliain 1795, mar Choláiste Phádraig, Má Nuad, nuair a reachtaigh Parlaimint Ghrattan dlí le hinstitiúid acadúil a bhunú a chinnteodh feabhas oideachais do na Caitlicigh. Go dtí sin, b'éigean do mhic léinn Chaitliceacha ó Éirinn freastal ar ollscoileanna na Mór-roinne Eorpaí. Ba i Maigh Nuad a tháinig an institiúid sin ar an bhfód. Ní raibh ann ar dtús ach coláiste traenála sagart, agus tráth, bhí sí ar an gcoláiste ba mhó sa domhan den chineál sin. Sa bhliain 1896, fuair an coláiste stádas na hOllscoile Pointifiúla, buíochas le feabhas a chuid cúrsaí sa diagacht, san fhealsúnacht agus i ndlí canónda na hEaglaise. Nuair a bunaíodh Ollscoil Náisiúnta na hÉireann mar chóras cónaidhmeach sa bhliain 1910, glacadh le coláiste Mhá Nuad mar chuid den struchtúr sin. Sa bhliain 1966, d'fháiltigh an coláiste roimh na chéad mhic léinn nárbh ábhair shagairt iad. Sa bhliain 1997, tháinig Roinn Ealaíon, Roinn Eolaíochta, Roinn Léinn Cheiltigh agus Roinn Fealsúnachta an choláiste seo le chéile in Ollscoil nua ar glacadh léi mar cheann de chomh-ollscoileanna na hOllscoile Náisiúnta.
Inniu, tá níos mó ná sé mhíle mac léinn ag freastal ar chúrsaí Ollscoil Mhá Nuad.
Tagairtí
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- An Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad (físeáin 8:30)
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |