I Miotaseolaíocht na nGael, scéal de chuid Scéalaíocht na Ríthe is ea Argain Dinn Rí (Sean-Ghaeilge Orgain Denna Ríg). Scríobadh é is amhlaidh sa 9ú haois, agus caomhnaítear i dtrí lámhscríbhinn é: sa Leabhar Laighneach, i Leabhar Buí Leacáin agus i Rawlinson B 502 den 12ú haois.

Infotaula de personaArgain Dinn Rí

Achoimre cuir in eagar

B'éigean do Labhraid Maon mac Ailealla Áine rí na Laighean, dul ar deoraíocht i dteannta lena cláirsí Craiftine agus a fhile, Ferchertne.

Bhí athair agus seanathair Labhraí tar éis bheith maraithe ag a uncail Cobthach Cóel Breg agus thóg seisean an choróin. Insítear i leagan amháin gur imir Cobhthach cleas gránna: lig sé air féin go raibh sé marbh, cuireadh é os cionn cláir – le scian bearrtha sa láimh aige – agus nuair a chrom a dheartháir thairis le brón, sháigh sé tríd a scornaigh é.[1] I leagan amháin den scéal, bhí ar Labhraid croíthe a athar agus a sheanathar a shlogadh siar le luchóg beo, agus chaill sé le seal beag dá bharr cumas a theangan.

Chuaigh Labhraid go dtí cúige Mumhan ag lorg tearmainn, agus mheall sé grá iníon an rí, Moriath. Um aird a máthair a bhaint, sheinn Craiftine amhrán samhraidh di gur thit sí ina codladh. Luigh Labraid le Moriath ansin agus phós sé í. Bhí sé in ann ansin a chur in iúl ar Scoriath athair Moriath cabhrú leis, agus i gceannas arm na Mumhan, chloígh sé dún a athar, Dionn Rí, i gContae Cheatharlach.[2] Le cabhair óna mháthair agus fuirseoir na cúirte (a gheobhadh beirt dá ndeoin féin bás ar son mic agus rí), chuir sé Cobhthach agus a lucht leanúna faoi ghlas i dtigh iarainn. Chuir sé an teach trí thine, agus d'éag cách laistigh. De bharr an gníomh gránna seo, thuill sé an leasainm Lorc.[3]

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • The Destruction of Dind Rig (LL) ar maryjones.us
  • Barbara E. Crawford, Beverley Ballin Smith, Simon Taylor, Gareth Williams (2007). "West over sea: studies in Scandinavian sea-borne expansion and settlement before 1300" (as en): 509. Brill. Dáta rochtana: 2016-12-31. 

Einzelnachweise cuir in eagar

  1. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 466.
  2. Dionn Rí ar logainm.ie
  3. 1 lorc ar eDIL

Teimpléad:SORTIERUNG:Orgain Denna Rig Kategorie:Keltische Sage Kategorie:Literatur (9. Jahrhundert) Kategorie:Literatur (Irisch)