Oswald Freisler

dlíodóir Gearmánach

Dlíodóir agus Naitsíoch ba ea Oswald Freisler (29 Nollaig 1895 - 4 Márta 1939). Chosain sé easaontóirí i nGearmáin na Naitsithe sna 1930id, rud nár thaitin le Goebbels beag ná mór agus fuair Oswald bás 'anabaí'.

Infotaula de personaOswald Freisler
Beathaisnéis
Breith29 Nollaig 1895
Hameln Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Márta 1939
43 bliana d'aois
Beirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFéinmharú
Céim acadúilDochtúir le Dlí
Gníomhaíocht
Gairmdlíodóir, nótaire Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí na Naitsithe Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínRoland Freisler

D'fhreastail Oswald ar scoil in Aachen agus Kassel. Tar éis dá sheirbhís in Arm Impiriúil na Gearmáine le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, rinne sé staidéar ar an dlí n Kiel, Frankfurt am Main. agus Göttingen. Chuir sé cleachtas dlí nua ar bun sa bhliain 1924 in Kassel, in éineacht lena dheartháir níos sine, Roland (níos déanaí ina bhreitheamh de chuid na Naitsithe).[1]

Bhí Oswald ina bhall de Pháirtí Náisiúnta Sóisialach Lucht Oibre na Gearmáine ó 1927 amach. In ainneoin sin, chosain sé daoine a bhí i gcoinne na Naitsithe sna cúirteanna agus bhí sé ina chainteoir poiblí éifeachtach. Fuair sé aird an phobail dá bharr sin.

 
Joseph Cornelius Rossaint

Bhí Oswald i láthair na cúirte mar abhcóide na gcosantóirí i roinnt cásanna ardphróifíle íogaire ó thaobh na polaitíochta de tar éis 1933.[1]

Bhí cáil go háirithe ar "Thriail na gCaitliceach" sa bhliain 1937; níor tugadh breith bháis ar An tAthair Joseph Cornelius Rossaint[2] agus fuarthas neamhchiontach daoine eile,[3] rud nár thaitin le Goebbels beag ná mór. Díreach i ndiaidh sin, díbríodh Oswald as an bpáirtí.

Chuir Oswald lámh ina bhás féin, b'fhéidir, sa bhliain 1939, faoi chúinsí amhrasacha.[1]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Roland Freisler". Dáta rochtana: 2022.
  2. "Joseph Cornelius Rossaint" (as de) (2021-12-12). Wikipedia. 
  3. André Niedostadek. "Roland Freisler: Hitlers williger Vollstrecker" (de). LTO-Karriere. Dáta rochtana: 2022-03-03.