Roland Freisler
Breitheamh iomráiteach agus míchlúiteach de chuid na Naitsithe ba ea Roland Freisler (30 Deireadh Fómhair 1893 - 3 Feabhra 1945).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 30 Deireadh Fómhair 1893 Celle |
Bás | 3 Feabhra 1945 51 bliana d'aois Beirlín |
Áit adhlactha | Waldfriedhof Dahlem (en) |
Judge of the People's Court (en) | |
20 Lúnasa 1942 – 3 Feabhra 1945 ← Otto Georg Thierack (en) – Harry Haffner (en) → | |
Ball de Reichstag na Gearmáine Naitsíoch | |
Ball de Landtag na Prúise | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Jena |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Dlí, polaitíocht agus Naitsíochas |
Suíomh oibre | Beirlín |
Gairm | breitheamh, dlíodóir, polaiteoir, saineolaí dlí |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí na Naitsithe |
Ball de | |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Gairm mhíleata | |
Coinbhleacht | An Chéad Chogadh Domhanda |
Teaghlach | |
Céile | Marion Freisler (1928–) |
Siblín | Oswald Freisler |
Gradam a fuarthas | |
Saol
cuir in eagarTar éis dá sheirbhís in Arm Impiriúil na Gearmáine le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, thosaigh sé ag staidéir dlí. Fuair sé a dhochtúireacht sa dlí ó Ollscoil Jena i 1922.
Chuir sé cleachtas dlí nua ar bun in Kassel sa bhliain 1924, in éineacht lena dheartháir níos óige, Oswald.
Ball de Pháirtí Náisiúnta Sóisialach Lucht Oibre na Gearmáine ó 1925 amach, fuair sé aird an phobail toisc gur chosain sé chomh-Naitsithe sna cúirteanna agus bhí sé ina chainteoir poiblí éifeachtach.[1]
Bhí sé ina bhall de Landtag na Prúise agus den Reichstag. Tháinig a dheartháir níos óige, Oswald, cé gur Naitsíoch chomh maith le dlíodóir é, i láthair na cúirte mar abhcóide na gcosantóirí i roinnt cásanna ardphróifíle íogaire ó thaobh na polaitíochta de tar éis 1933 (díbríodh Oswald as an bpáirtí sa bhliain 1937 agus chuir sé lámh ina bhás féin sa bhliain 1939, faoi chúinsí amhrasacha).
Polaitíocht
cuir in eagarRinneadh
- Rúnaí Stáit ag Aireacht Dlí agus Cirt na Prúise (1933-34) agus
- Aireacht Dlí agus Cirt Reich (1934-42)
de Roland Friesler. Bhí sé díograiseach agus é ag iarraidh an córas dlí a athmhúnlú le go gcloífeadh sé le smaointe na Naitsithe.
‘Truailliú cine’
cuir in eagarMhol Friesler an toirmeasc ar ‘thruailliú cine’, mar a thugtar air, agus bhí ról ceannasach aige agus pionós an bháis á chur i bhforchur ar ógánaigh.
I mí Eanáir 1942 rinne Friesler ionadaíocht ar Aire Dlí agus Cirt an Reich Franz Schlegelberger sa Chomhdháil Wannsee, áit ar phléigh roinnt gníomhaireachtaí na gnéithe dlíthiúla praiticiúla de chinedhíothú na nGiúdach a raibh greim ag na Naitsithe orthu.[1]
Volksgerichtshof
cuir in eagarI mí Lúnasa 1942 a ceapadh Freisler ina Uachtarán ar Chúirt an Phobail (an 'Volksgerichtshof') - cúirt speisialta a dhéileáil le raon leathan cionta a raibh imní ar leith ag an réimeas fúthu, ó thréas go margaíocht dhubh.[1]
Mar uachtarán na cúirte sin, thug Freisler neamhaird neamhbhalbh ar na noirm is bunúsaí d’iompar breithiúnach mar neamhchlaontacht agus easpa réamh-bhreithiúnais, go minic trí chroscheistiú a dhéanamh ar an gcúisí amhail is go raibh sé ina abhcóide ionchúisimh agus íde béil á tabhairt dóibh mar gheall ar mhídhílseacht.[1]
D'ardaigh cion na bpianbhreitheanna báis a ghearr an chúirt go géar freisin mar thoradh ar dhéine idé-eolaíoch Freisler. Bhí a easpa cáilíochtaí breithiúnacha soiléir go háirithe (agus taifeadadh ar scannán í) i dtrialacha roinnt acu siúd a raibh lámh acu i bplota an 20 Iúil 1944.[1]
Anbhás
cuir in eagarMaraíodh Freisler i seomra na cúirte ar an 3 Feabhra 1945 le linn ruathar aeir ar Bheirlín de chuid Fhórsa Aeir Arm na Stát Aontaithe.[1]