Ouagadougou
Is é Ouagadougou (AIF: /ˌwɑgəˈduːguː/, Mossi AIF: [wɑgədəgə]) an phríomhchathair Buircíne Fasó. Lárionad riaracháin, cumarsáide, cultúrtha agus eacnamaíochta na tíre is ea é, agus is é an chathair is mó sa tír é chomh maith. Áiríodh daonra 1,181,702 (de réir daonra 2006). Tugtar Ouaga uirthi mar ghiorrúchán go minic.
Ouagadougou | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Buircíne Fasó | ||||
Region of Burkina Faso (en) | Centre (en) | ||||
Province of Burkina Faso (en) | Kadiogo Province (en) | ||||
Department of Burkina Faso (en) | Ouagadougou Department (en) | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 2,453,496 (2019) | ||||
• Dlús | 11,187.85 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Fhraincis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 219,300,000 m² | ||||
Airde | 305 m | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cumadh an t-ainm Ouagadougou sa chúigiú haois déag nuair a bhí treibheanna Yonyonse agus Ninsi lonnaithe sa cheantar. Bhídís in aighneas le chéile de shíor go dtí an bhliain 1441 nuair a bhuaigh Wobri, laoch de chuid na Yonyonse ar an dream eile. Ba é sin a thug "Wogodogo", a chiallaíonn "an áit ina dtugtar onóir agus urram do dhaoine" ar an gceantar. Tá ainm an lae inniu bunaithe ar litriú na Fraincise atá coitianta in iarchoilíneachtaí na Fraince.
Tagairtí
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarIs síol tíreolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |