Pádraig Ó Cíobháin
Scríbhneoir comhaimseartha Gaeilge Éireannach as Contae Chiarraí is ea Pádraig Ó Cíobháin.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 12 Márta 1951 72 bliana d'aois Baile an Fheirtéaraigh, Éire ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, scríbhneoir próis ![]() |
Teangacha | An Ghaeilge |
Saol Cuir in Eagar
Ar an nGráig i mBaile an Fheirtéaraigh a rugadh é sa bhliain 1951. B'fheirmeoir é a athair a raibh seisear clainne aige. D'fhreastail Ó Cíobháin ar Choláiste Bhréanainn i gCill Airne. Bhí cónaí air i gCorcaigh ó chuaigh sé go Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, le céim BA a bhaint amach sa Ghaeilge, sa Stair agus sa Tíreolaíocht i nDeireadh Fómhair na bliana 1969. I 1972-1973 rinne sé an ATO. Fuair sé post mar mhúinteoir i bPobalscoil Ghort Álainn i gCorcaigh sa bhliain 1975.
Tá idir ghearrscéalta agus úrscéalta scríofa ag Pádraig Ó Cíobháin. Ghnóthaigh sé duais Chomórtas Cuimhneacháin Dhonncha Uí Chéilleachair in Oireachtas na bliana 1996 tar éis dó cnuasach gearrscéalta, Solas ná hÉagann Choíche (Coiscéim, 1999) a scríobh. Bhí sé ina theagascóir in Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, nuair a ainmníodh é mar Scríbhneoir Cónaithe na Gaeilge san Ollscoil sin sa bhliain 2003. Lean sé ar aghaidh leis an bpost sin go dtí deireadh na bliana 2005.
I nGaillimh atá cónaí air anois, lena bhean chéile agus a n-iníonacha.[1]
Saothar Cuir in Eagar
Úrscéalta Cuir in Eagar
- Ré an Charbaid (Coiscéim, 2003)
- Faightear Gach Laoch In Aisce (Coiscéim, 2001)
- Ar Gach Maoilinn tá Síocháin (Coiscéim, 1998)
- Desiderius a Dó (Coiscéim, 1996)
- An Gealas i Lár Na Léithe (Coiscéim 1992)
Gearrscéalta Cuir in Eagar
- Dréachta chrích Fódla (Coiscéim, 2007)
- Tá Solas Ná hÉagann Choíche (Coiscéim,1999)
- An Grá Faoi Cheilt (Coiscéim, 1992)
- Le Gealaigh (Coiscéim, 1991)
Eile Cuir in Eagar
- Go Nuige Seo (Coiscéim, 2005) agus
- Go Nuige Seo (2006) - díolaim d'ábhair cheardlann agus léamha curtha in eagar aige
Tagairtí Cuir in Eagar
- ↑ "Siopa.ie — Pádraig Ó Cíobháin". Dáta rochtana: 2022-09-02.