Pádraig Ó Donnagáin
Éireannach de Pháirtí Fhine Gael ab ea Pádraig Sáirséal Ó Donnagáin (nó i mBéarla, Patrick Sarsfield (Paddy) Donegan) (29 Deireadh Fómhair 1923 - 26 Samhain 2000).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 29 Deireadh Fómhair 1923 Mainistir Bhuithe, Éire |
Bás | 26 Samhain 2000 77 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Teachta Dála | |
5 Iúil 1977 – 21 Bealtaine 1981 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 21ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1977 | |
An tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide | |
2 Nollaig 1976 – 5 Iúil 1977 ← Thomas J. Fitzpatrick – Brian Pádraig Ó Luineacháin → | |
Teachta Dála | |
14 Márta 1973 – 25 Bealtaine 1977 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 20ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1973 | |
Aire Cosanta | |
14 Márta 1973 – 2 Nollaig 1976 ← Jerry Cronin – Liam Mac Cosgair → | |
Teachta Dála | |
2 Iúil 1969 – 5 Feabhra 1973 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 19ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1969 | |
Ionadaí do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa | |
Ina hionadaí do: Éire 29 Eanáir 1968 – 1 Meán Fómhair 1969 | |
Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa | |
Ina hionadaí do: Éire 24 Aibreán 1967 – 1 Eanáir 1968 | |
Teachta Dála | |
21 Aibreán 1965 – 21 Bealtaine 1969 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 18ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1965 | |
Teachta Dála | |
11 Deireadh Fómhair 1961 – 11 Márta 1965 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 17ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1961 | |
Seanadóir na hÉireann | |
22 Bealtaine 1957 – 1 Meán Fómhair 1961 Téarma parlaiminte: 9ú Seanad Éireann Toghcheantar: An Rolla Talmhaíochta | |
Teachta Dála | |
2 Meitheamh 1954 – 13 Nollaig 1956 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 15ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1954 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Chaisleán Cnucha |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, feirmeoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fine Gael |
Toghadh Ó Donnagáin don chéad uair san olltoghchán sa bhliain 1954 mar Theachta Dála do dháilcheantar Chontae Lú. Chaill sé a shuíochán ag an gcéad olltoghchán eile ach d'éirigh leis arís sa bhliain 1961 agus toghadh é i ngach olltoghchán ó shin go dtí 1977. D'éirigh sé as an bpolaitíocht sa bhliain 1981.
Ceapadh mar Aire Cosanta i gcomhrialtas 1973 é (idir Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre).
Conspóid
cuir in eagarBhí an Dálach an-choinsiasach agus é ag comhlíonadh a dhualgas mar Uachtarán, rud a chuir lena aighneas leis an Rialtas (Fine Gael / Lucht Oibre) agus lena éirí as sa bhliain 1976.[1]
I Meán Fómhair 1976, cuireadh Bille Cumhachtaí Práinne[2] ina láthair le síniú. Ach shocraigh sé an tAcht Cumhachtaí Práinne a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí lena chuid bunreachtúlachta a thastáil, agus é ag iarraidh cearta an tsaoránaigh a chosaint.
Ba é breithiúnas na Cúirte ná nach raibh an tAcht ar neamhréir leis an mBunreacht agus ar an 18 Deireadh Fómhair 1976, shínigh Ó Dálaigh é.
Trí lá níos déanaí, ag ócáid airm i nDún Columb, Muileann gCearr, thug Aire Cosanta an Chomhrialtais, Paddy Donegan (Fine Gael) masla dó. Chuir sé ina leith "Thundering disgrace" (nó i bhfad níos graosta).[3] An rud is tábhachtaí agus is measa, bhí an tAire ag labhairt os comhair oifigeach Airm na hÉireann i Muileann gCearr.
Sáraíodh rún Dála ag an bhfreasúr ag iarraidh go n-éireodh an tAire (a ghabh a leithscéal idir an dá linn) as a phost, ar an 21 Deireadh Fómhair.[4]
An 22 Deireadh Fómhair 1976, d'éirigh Ó Dálaigh as oifig mar uachtarán nuair nár ghlac an Taoiseach, Liam Mac Cosgair, le héirí as oifig Donegan. Dúirt an Dálach gurbh é "an t-aon bhealach le mo chuid ionracais agus neamhspleáchais pearsanta féin mar Uachtarán na hÉireann a dhearbhú agus le dínit agus neamhspleáchas na huachtaránachta mar institiúid a chosaint".[5]
Ceapadh Pádraig Ó Donnagáin mar Aire na Talún ag deireadh na bliana 1976.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Cearbhall Ó Dálaigh (1911-78)". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ ""an tAcht Cumhachtaí Práinne, 1976"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-08-02.
- ↑ "My part in downfall of a President over the 'thundering disgrace' debacle" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-03-22.
- ↑ Houses of the Oireachtas (1976-10-28). "Confidence in Government: Motion. – Dáil Éireann (20th Dáil) – Thursday, 28 Oct 1976 – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2021-08-02.
- ↑ Cúirt Uachtarach na hÉireann. "Iar-Phríomh-Bhreithiúna". www.supremecourt.ie. Dáta rochtana: 2021-08-02.