Páirc Chorcaí
páirc i mBaile Átha Cliath
Páirc phoiblí is ea Páirc Chorcaí atá suite i gCluain Dolcáin in iardheisceart Bhaile Átha Cliath, taobh leis an mbóthar N7. Sníonn Abhainn na Camóige tríthí agus tá locháin iascaireachta agus páirc carbhán le fáil ann chomh maith.
![]() | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() ![]() | |||||||||||
Suíomh | |||||||||||
| |||||||||||
|
StairCuir in Eagar
Diméin Chorcaí a thugtaí uirthi i dtús báire, eastát de 120 heicteár ina raibh teach mainéir mór ann darbh ainm Teach Chorcaí (Corkagh House)[1]. Tógadh an teach mar cheann beag feirme timpeall na bliana 1650[2]. D'fhás sé de réir a chéile go dtí gur daingean cheart a bhí ann, le díog uisce agus gáirdín mór gálanta ina thimpeall. Bhí muileann púdar gunna suite ann chomh maith.
Cheannaigh Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath an pháirc chun í a oscailt mar pháirc phoiblí thiar sa bhliain 1983.