Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
Is páirc náisiúnta suite i gContae Dhún na nGall í Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Is fásach iargúlta uaibhreach de shléibhte creagacha, lochanna gan mhilleadh, easanna ina gcaise anuas go talamh agus coillearnach dharach dhúchasach faoi gheasa i gcroílár Shléibhte Dhoire Bheatha in iarthuaisceart Dhún na nGall atá i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha.
Cineál | Páirc náisiúnta | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Sléibhte Dhoire Bheatha | |||
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúil | Caisleán Ghleann Bheatha | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Cúige Uladh | |||
Suíomh | Leitir Ceanainn | |||
| ||||
Tréithe | ||||
Pointe is airde | An Earagail (751 m ) | |||
Achar | 1,605 km² | |||
Gníomhaíocht | ||||
Dáta a bunaíodh | 1984 | |||
Suíomh gréasáin | nationalparks.ie… | |||
I lár na Páirce ar imeall Loch Ghleann Bheatha tá Caisleán Ghleann Bheatha, teach mór caisealach ón 19ú haois, a tógadh mar theach lóistín seilge.
Cúram
cuir in eagarTá straitéis fhadtéarmach ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra le go mbeidh rath ar chrainn atá dúchasach i nGleann Bheatha. Mar pháirt den straitéis sin fosta tá pleananna chun déileáil le plandaí neamhdhúchasacha, amhail an róslabhras, sa Pháirc Náisiúnta.
Crainn
cuir in eagarSa bhliain 2023, bhí 2,000 crann de shíol péine Albanach na hÉireann curtha sa Ghleann Uachtarach i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, an líon is mó de chrainn a cuireadh sa tír go dtí seo. Rinneadh sé seo chun feabhas a chur ar ghnáthóg dhúchasach sa pháirc náisiúnta. Cuireadh na crainn ar shuíomh 1.6 heicteár sa Ghleann Uachtarach.[2]
Fuarthas síolta do na crainn a cuireadh i nGleann Bheatha ó ghorlann i gContae na Gaillimhe.
Féach freisin
cuir in eagarLéitheoireacht bhreise
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Cró Nimhe/Poisoned Glen" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2023-06-01.
- ↑ RnaG (2023-06-01). "Nuacht an Tuaiscirt: 1 Meitheamh" (as ga-IE).