Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin

Is limistéar cosanta 205 cilliméadar cearnach (51,000 acra) in Éirinn é Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin, atá ar cheann d’ocht bpáirc náisiúnta sa tír.[1] Síneann an pháirc trí Chontae Chill Mhantáin chomh maith le ceantair bheaga i mBaile Átha Cliath Theas agus Dún Laoghaire-Ráth an Dúin i gContae Bhaile Átha Cliath. Tá an pháirc suite i Sléibhte Chill Mhantáin ó dheas de Bhaile Átha Cliath. Tá an-tóir ag muintir na cathrach atá ag lorg áineasa, agus áiteanna a dtugann turasóirí agus daoine a bhfuil spéis acu sa stair cuairt orthu.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin
Íomhá
CineálPáirc náisiúnta agus Limistéar Caomhantais Speisialta Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 00′ N, 6° 24′ O / 53°N,6.4°W / 53; -6.4
Tréithe
Achar204.83 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Limistéar faoi chosaint Natura 2000
AitheantóirCuir in eagar ar Wikidata IE0002122 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Dáta a bunaíodh1991 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinwicklowmountainsnationalpark.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Gleann Dá Loch

cuir in eagar

Ar cheann de na láithreacha stairiúla tá Gleann Dá Loch, ina bhfuil bailiúchán de struchtúir mhainistreacha ón Mheánaois Luath a bhaineann le Naomh Caoimhín, sagart díthreabhaigh. I measc na suíomhanna eile tá an tIonad Oideachais i dTeach Bolger, ar Bhóthar na Mianadóirí le taobh an Loch Uachtarach, Gleann Dá Loch, agus iarsmaí de shráidbhailte mianadóireachta.[2]

Gníomhaíochtaí agus timpeallacht

cuir in eagar

I measc na ngníomhaíochtaí áineasa atá ar fáil sa pháirc tá siúl agus fánaíocht, dreapadóireacht carraige, rámhaíochta, tumadóireacht, snámh teoranta agus iascaireacht,[3] agus go leor deiseanna le haghaidh fámaireachta agus grianghrafadóireacht. Féadfaidh turasóirí mótair an bóthar R756 a théann trí Bhearna Chill Mhantáin a thógáil.[4] Leanann bealach tiomána sárscéimhe eile an Bóthar Míleata stairiúil atá ainmnithe R115 ó Bhaile Átha Cliath ó dheas trí lár na sléibhte go dtí sráidbhaile An Láithreach.

Cuimsíonn éagsúlacht na ngnáthóg a fhaightear sa pháirc idir bhratphortach, coillte duillsilteacha, coillte cónaifear, féarthalamh ardtalún, fraochmhá, limistéir charraigeacha nochta agus scileach.[5] Faightear go leor speiceas planda lena n-áirítear coinnle corra, seamsóg agus anemonoides nemorosa, luzula, raithneach, polypodiacea agus speicis éagsúla caonach. I measc na gcrann atá coitianta sa pháirc tá cuileann, coll agus carthánn.

Tá roinnt speiceas de ialtóga, dobharchúnna neamhchoitianta, agus naoi speiceas éan atá faoi bhagairt nó a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta leo, lena n-áirítear croman na gcearc, falco peregrinus agus an eala ghlórach, i gcuid d'fhiadhúlra cosanta na páirce.[6]

Stair agus bainistíocht na páirce

cuir in eagar

Agus é molta le blianta fada, d’fhógair Cathal Ó hEoichaidh, an Taoiseach, bunú na páirce i 1988 i nGleann Dá Loch.[7] Maoiníodh ionad léirmhínithe i 1990[8] agus osclaíodh an pháirc go hoifigiúil i 1991.[9] Tá sé á bhainistiú ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá foireann na páirce freagrach as caomhnú an dúlra, cur chun cinn taighde agus oideachais, sábháilteacht an phobail agus éascú dea-chaidrimh idir an pháirc agus na pobail áitiúla.[10] I mBealtaine 2009 fógraíodh go gcuirfí 28.33 cilliméadar cearnach (7,000 acra) leis an bpáirc. [11] In 2016 cheannaigh an stát 19.8296 cilliméadar cearnach (4,900 acra) ó pháirtí príobháideach. Téann an réimse talún ó Cipiúr síos go Gleann an Smóil agus Taiscumar Bhóthar na Bruíne. Cuireadh an talamh le Páirc Náisiúnta Chill Mhantáin.[12]

  1. Wicklow Mountains National Park”. wicklowmountainsnationalpark.ie. Dáta rochtana: 22 August 2021.
  2. Mining”. National Parks & Wildlife Service. Dáta rochtana: 11 July 2011.
  3. Water Sports”. National Parks & Wildlife Service. Dáta rochtana: 10 November 2016.
  4. New Lands”. National Parks & Wildlife Service. Dáta rochtana: 11 July 2011."New Lands". National Parks & Wildlife Service. Retrieved 11 July 2011.
  5. Habitats”. National Parks & Wildlife Service. Dáta rochtana: 11 July 2011.
  6. Threatened Species”. National Parks & Wildlife Service. Dáta rochtana: 11 July 2011.
  7. Dáil Éireann – Volume 421 – 26 June, 1992 Estimates, 1992. – Vote 10: Office of Public Works (Revised Estimate)”. Office of the Houses of the Oireachtas. Dáta rochtana: 7 November 2016.
  8. Dáil Éireann – Written Answers. – County Wicklow Proposed Amenity Development. Tuesday, 5 March 1991”. Office of the Houses of the Oireachtas. Dáta rochtana: 7 November 2016.
  9. Casey (2002). "Wicklow Mountains National Park: An Insight". Sherkin Comment (31). Sherkin Island Marine Station. ISSN 0791-2447. Dáta rochtana: 11 July 2011. 
  10. Park Management”. National Parks & Wildlife Service. Dáta rochtana: 11 July 2011.
  11. New Lands”. National Parks & Wildlife Service. Dáta rochtana: 11 July 2011.
  12. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The Independent.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar