Paindéim COVID-19 san Iodáil
Thosaigh an paindéim COVID-19 san Iodáil i mí Eanáir 2020.[1] Faoi 20 Iúil 2021, bhí 4,293,083 cás agus 127,884 bás dearbhaithe. Ina theannta sin, tá biseach ar 4,115,889 daoine.[2] Tá níos mó ná 62 milliún vacsaín riartha agus tugadh an chéad agus an dara dáileog den vacsaín do 27 milliún duine.[3]
| ||||
Cineál | ráig ghalair | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | COVID-19 pandemic by country and territory (en) agus COVID-19 pandemic in Europe (en) | |||
Tréimhse | 30 Eanáir 2020 - | |||
Suíomh | an Iodáil | |||
Tír | an Iodáil | |||
Cúis | COVID-19 | |||
Is cúis le | 2020 Italy coronavirus lockdown (en) | |||
Tabular case data (en) | Liosta | |||
Organized response related to outbreak (en) | 2020 Italy COVID-19 declaration of public health emergency (en) , 2020 Italy COVID-19 closing of educational institutions (en) agus 2020 Italy coronavirus lockdown (en) | |||
Codanna | ||||
Haischlib | #covid19italy |
Amlíne
cuir in eagarMárta go dtí Meitheamh 2020
cuir in eagarAr dtús, cuireadh An Lombaird agus ceithre chúige déag eile i dtuaisceart na tíre faoi dhianghlasáil ar an 8 Márta.[4] Chuir Giuseppe Conte ordú dianghlasála i bhfeidhm ar fud na tíre ar an lá dár gcionn.[5] Ar an 11 Márta, dúnadh gach siopa ach na hollmhargaí agus na cógaslanna.[6] Ar an 21 Márta, dúnadh gnóthaí neamhriachtanacha timpeall na tíre.[7]
Ar an 1 Aibreán, leathnaíodh an dianghlasáil go dtí 13 Aibreán.[8] Ar an 10 Aibreán, d'fhógair Conte go leathnóidh dianghlasáil arís go dtí 3 Bealtaine ar a laghad, ach tugadh cead do roinnt gnóthaí beaga a athoscailt ar an 13 Aibreán.[9] Ar an 26 Aibreán, dúirt Conte go dtosóidh "céim 2" ar an 4 Bealtaine. Athosclódh páirceanna, monarchana agus láithreáin tógála, agus bhí daoine ceadaithe dul laistigh dá réigiún.[10]
I dtús mhí na Bealtaine, bhí maolú ar na srianta, agus cuireadh "céim 2" i bhfeidhm sa tír.[11] Ar an 16 Bealtaine, fógraíodh plean níos mó srianta a mhaolú. Ón 18 Bealtaine, athosclódh bialanna, beáir, miondíoltóirí agus mórán gnóthaí eile. Chomh maith leis sin, athosclódh ionaid aclaíochta agus linnte snámha ón 25 Bealtaine, agus athosclódh pictiúrlanna agus amharclanna ón 15 Meitheamh.[12] Chríochnaigh an cosc ar thaisteal i dtús mhí an Mheithimh.[13]
Iúil go dtí Deireadh Fómhair 2020
cuir in eagarI mí Lúnasa, dúnadh clubanna oíche ar feadh trí seachtaine agus bhí ar muintir na hIodáile clúdaithe aghaidhe a chaitheamh in áiteanna poiblí ó 06:00 go dtí 18:00.[14]
Cuireadh srianta i bhfeidhm an athuair i mí Dheireadh Fómhair, i ndiaidh borradh ar líon na gcásanna de COVID-19. Bhí an cumas ag méaraí áiteanna poiblí a dhúnadh tar éis 21:00, agus níor ceadaíodh ach seirbhís boird tar éis 18:00 i mbialanna agus beáir.[15] Ar an 25 Deireadh Fómhair, fógraíodh go ndúnfaidh ionaid aclaíochta, linnte snámha agus pictiúrlanna ar feadh míosa. Bhí ar bhialanna, caifí agus beáir a dhúnadh faoi 18:30.[16]
Ina theannta sin, cuireadh ordú cuirfiú i bhfeidhm i roinnt réigiúin timpeall na hIodáile i mí Dheireadh Fómhair, cosúil leis An Lombaird,[17] Lazio,[18] agus Campania.[19] Ceist conspóideach is ba é, agus eagraíodh agóid i gcoinne an cuirfiú i Napoli.[20]
Samhain 2020 go dtí an lá atá inniu ann
cuir in eagarDath | Réigiúin |
---|---|
Dearg[21] | , Campania, Emilia-Romagna, Friuli-Venezia Giulia Lazio, An Lombaird, Marche Píodmant, Puglia, Trentino-Tirol Theas, Veneto |
Oráiste[21] | Abruzzo, Basilicata, Calabria Liguria, Molise, An Tuscáin An tSairdín, An tSicil, Umbria Valle d'Aosta |
Buí[21] | Níl aon réigiún i ndath buí. |
Bán[21] | Níl aon réigiún i ndath bán. |
I mí na Samhna, bunaíodh córas go rangaíonn réigiúin san Iodáil ag brath ar an leitheadúlacht de COVID-19, mar dearg, oráiste nó buí. Tá na srianta is déine ar thaisteal, gnó agus spórt sna ceantair dearga, tá srianta meánacha i bhfeidhm sna ceantair oráiste, agus tá na srianta is ísle i bhfeidhm sna ceantair buí.[21] Chomh maith leis sin, má tá an ráta ionfhabhtaithe níos lú ná 50 cásanna in aghaidh gach 100,000 daoine den daonra i réigiún áirithe agus tá an uimhir atáirgthe íseal, ní bheidh ordú cuirfiú i bhfeidhm agus is féidir le bialanna agus beáir fanacht oscailte i ndiaidh 18:00, murab ionann is na ceantair dearga, oráiste agus buí. Má sásaíonn réigiúin na coinníollacha seo, rangaíonn an réigiún mar bán.[22]
I mí na Nollag, fógraíodh go mbeidh dianghlasáil i bhfeidhm arís i rith na Nollag agus san athbhliain. Bhí siopaí, beáir agus bialanna dúnta, agus cuireadh cosc ar thaisteal réigiúnach.[23] Thosaigh an clár vacsaíne san Iodáil ar an 27 Nollaig.[24]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Chiara Severgnini agus foireann eagarthóireachta. "Coronavirus, primi due casi in Italia «Sono due cinesi in vacanza a Roma» Sono arrivati a Milano il 23 gennaio". Corriere della Sera.
- ↑ "COVID-19 Situazione Italia". Protezione Civile. Dáta rochtana: 25 Feabhra 2021.
- ↑ "Report Vaccini Anti COVID-19". Rialtas na hIodáile. Dáta rochtana: 24 Feabhra 2021.
- ↑ "Coronavirus: Northern Italy quarantines 16 million people". BBC News (8 Márta 2020).
- ↑ Agence France-Presse (9 Márta 2020). "Italian prime minister extends lockdown to entire country in bid to tackle Covid-19 outbreak". TheJournal.ie.
- ↑ "Coronavirus: Italy shuts nearly all shops as WHO declares pandemic". BBC News (11 Márta 2020).
- ↑ "Covid-19: Italy shuts factories after almost 800 deaths in one day". RTÉ (21 Márta 2020).
- ↑ Jon Henley (1 Aibreán 2020). "Italy records lowest coronavirus death toll for a week". The Guardian.
- ↑ "Spain, Italy to extend lockdowns as coronavirus death rates drop". RTÉ (10 Aibreán 2020).
- ↑ "Coronavirus: Italy's PM outlines lockdown easing measures". BBC News (26 Aibreán 2020).
- ↑ "Italy eases coronavirus restrictions after two month lockdown". Euronews (4 Bealtaine 2020).
- ↑ Chiara Severgnini (16 Bealtaine 2020). "Discorso di Conte in conferenza stampa, le riaperture dal 18 maggio: «Corriamo un rischio calcolato»". Corriere della Sera.
- ↑ "Coronavirus: Italy's Conte offers hope as travel restrictions end". BBC News (3 Meitheamh 2020).
- ↑ "Italy closes down nightclubs and orders mask wearing in public at night in bid to prevent further outbreaks". TheJournal.ie (17 Lúnasa 2020).
- ↑ "Covid-19: New restrictions begin in Italy, Belgium and France as European death toll hits 250,000". TheJournal.ie (19 Deireadh Fómhair 2020).
- ↑ "Italy imposes new restrictions with closure of gyms, pools and cinemas". TheJournal.ie (25 Deireadh Fómhair 2020).
- ↑ "Lombardy curfew aims to curb Covid hospital admissions rise". The Guardian (20 Deireadh Fómhair 2020).
- ↑ "Lazio follows other Italian regions and imposes curfew". The Local (21 Deireadh Fómhair 2020).
- ↑ "De Luca annuncia: “Campania verso il lockdown per 30-40 giorni. Al governo chiederò di estenderlo a tutti”. Record di oltre 2mila casi in un giorno – diretta". il Fatto Quotidiano (23 Deireadh Fómhair 2020).
- ↑ "Hundreds protest, clash with police in Naples over new coronavirus curfew". France 24 (24 Deireadh Fómhair 2020).
- ↑ 21.0 21.1 21.2 21.3 21.4 "EXPLAINED: What are the new Italian lockdown measures in your region?". The Local (13 Márta 2020).
- ↑ "EXPLAINED: What are Italy’s new coronavirus ‘white zones’?". The Local (18 Eanáir 2020).
- ↑ "Italy to go into strict lockdown over Christmas, New Year". TheJournal.ie (19 Nollaig 2020).
- ↑ "Europe rolls out Covid-19 vaccine". The Irish Times (27 Nollaig 2020).