Pat Cheoinín

iascaire as Fínis, Co. na Gaillimhe

Iascaire agus déantóir seolta as Fínis i ngar do Charna, Contae na Gaillimhe ab ea Pat Cheoinín (1915–2008).[1] Phós sé Nóra Joyce (Nóra Bhaibín) as Inis Bearachain agus thógadar deichniúr iníonacha agus cúigear mac i bhFínis, ansin, tar éis 1953, ar an mBalla Fada i gCathair na Gaillimhe, áit ar chaith sé blianta deireanacha a shaoil. Bhí sé fós ag dul amach ina bhád iascaireachta agus na ceithre scór slánaithe aige.[1]

Infotaula de personaPat Cheoinín
Beathaisnéis
Breith1915
Fínis, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2008
92/93 bliana d'aois
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmiascaire, déantóir seolta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Cheannaigh sé an bád seoil Columbia in 1940, agus chuir sé inneall leis in 1948.[2] Cheannaigh sé an Ros na Rí in 1953 nuair a bhog sé a chlann go Gaillimh, ansin an Star of Faith in 1965.

Máthair Johnny Mháirtín Learaí Mhic Donnchadha ab ea a dheirfiúr Nan Cheoinín.[3] Ba chol ceathrair leis Séamus Mac an Iomaire, údar Cladaí Chonamara.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9. 
  2. "Pat Cheóinínn: "Star of Faith"". Dáta rochtana: 2024-02-06.
  3. "The Companion to Traditional Irish Music". Dáta rochtana: 2024-02-06.

Naisc sheachtracha cuir in eagar